in
in
21 Sep 2026

Seolann Fine Gall Scéim Shoird um Rothaíocht chun na Scoile agus Leabharlann Rothar Shoird

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall, in éineacht le Darragh O’Brien TD, an tAire Iompair, Scéim Shoird um Rothaíocht chun na Scoile agus Leabharlann Rothar Shoird inniu. Is é atá iontu ná dhá thionscnamh atá ceaptha chun an rothaíocht a dhéanamh níos inrochtana agus chun níos mó daoine a spreagadh chun taisteal gníomhach a roghnú le haghaidh gnáth-thurais laethúla.

31 Aug 2026

Ceiliúrann Féile Staire Fhine Gall Deich mBliana na Fionnachtana

Agus í ag teacht ar ais don deichiú bliain sa bhliain 2026, beidh clár leathnaithe imeachtaí saor in aisce á thairiscint ag Féile Staire Fhine Gall ina dtarraingeofar aird ar na daoine, na háiteanna agus na scéalta a mhúnlaigh Fine Gall, Éire agus an domhan mór.

28 Aug 2026

Filleann Draíocht na Scéalta ar Chaisleán Shoird: Tá Féile Litríochta Leanaí Fhine Gall ag Ceiliúradh a Cúigiú Bliain

Tá lúcháir ar Leabharlanna Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go mbeidh Draíocht na Scéalta, féile litríochta leanaí Fhine Gall, ag filleadh ar ais don bhliain 2026. I mbliana, beidh an fhéile a bhfuiltear ag súil go mór léi ag ceiliúradh a cúigiú breithlá agus tá gach cosúlacht ann go mbeidh an lá lán le spraoi agus le ceiliúradh.

20 Aug 2026

Mullach Íde faoi Bhláth le Lá Spóirt, Spraoi agus Spiorad Pobail ag Féile Spóirt Fhine Gall

Ag an 3ú himeacht bliantúil d’Fhéile Spóirt Fhine Gall, cuireadh fáilte roimh na mílte daoine 
a chónaíonn i bhFine Gall chuig Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde an 9 Lúnasa. Ghlac an 
lucht freastail páirt i spóirt éagsúla agus i ngníomhaíochtaí éagsúla, amhail rugbaí, cispheil 
agus tógáil meáchan, galf diosca, agus liathróid láimhe CLG. Rinne 25 Chomhlacht Rialaithe 
Náisiúnta san iomlán de chuid Spórt Éireann ionadaíocht dá spórt ag an bhféile, rud a thug 
lear deiseanna spóirt saor in aisce do phobal Fhine Gall ag an lá gníomhaíochta spóirt is mó 
i mBaile Átha Cliath