Treoracha

Tá sé éasca teacht ar Fhine Gall agus dul timpeall ar an gceantar.

Is córas iarnróid leictreach é an DART (Mearlíne Átha Cliath) a théann cois chósta Mhuir Éireann ó Mhullach Íde i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath go dtí na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. Má thógann tú an DART, is féidir leat féachaint thart go héasca ar shráidbhailte álainn cois farraige i bhFhine Gall, dála Bhinn Éadair, Chill Fhionntain, Phort Mearnóg, Bayside agus Mhullach Íde.

Bain úsáid as an traein (Iarnród Éireann) chun cuairt a thabhairt ar bhailte cois farraige eile, leithéidí Dhomhnach Bat, An Ros / Lusca, na Sceirí agus Baile Brigín.

Téann an líonra bus poiblí go fada fairsing isteach i ngach uile chearn den réigiún, bailte oidhreachta san áireamh.

Tá gréasán fairsing bóithre sa cheantar lena ndéantar naisc le mór-lárionaid eile.Leis an mótarbhealach M1, déantar nasc idir cathair Bhaile Átha Cliath, ó dheas, agus Béal Feirste, ó thuaidh. Téann an M50 timpeall imeall thiar Bhaile Átha Cliath agus tugtar rochtain leis ar an gcuid eile den tír:

An M1, N2 agus N3 ó thuaidh agus siar ó thuaidh, an M4, N5, N6, N/M7, N8 siar agus siar ó dheas agus an M9 agus M11 soir agus soir ó dheas, chun teacht ar na réigiún éagsúla uile in Éirinn.

Freastalaíonn seirbhísí DART, Comaitéireachta agus seirbhísí iarnróid InterCity ar Fhine Gall.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

 

 

I measc na soláthraithe bus a fhreastalaíonn ar Fhine Gall, tá Bus Átha Cliath, Go Ahead Ireland, Bus Éireann, Swords Express, Local Link Bealach 196 agus JJ Kavanagh Bealach 139.

 

 Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

 

 

Aerfort Bhaile Átha Cliath lonnaithe go díreach ar an taobh ó dheas de Shord. Is féidir é a bhaint amach ar an mbus, le tacsaí nó ar an mbóthar.

 

 Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.