5: Siopadóireacht

Swords Pavilions Shopping Centre

B’fhéidir nach é an tsiopadóireacht an chéad smaoineamh a thagann chun cuimhne nuair a bhíonn lá saoire bainc á mheas agat, ach d’fhéadfadh go n-athrófaí d’intinn leis an raon éagsúil atá á thairiscint ar fud Fhine Gall.

Cuireann ionaid mhóra siopadóireachta, cosúil le Pavilions i Sord nó ionad siopadóireachta Bhaile Bhlainséir siopaí miondíola éagsúla ar fáil don teaghlach ar fad. Más ualach duit é do cheannacháin a iompar tá raon leathan bialanna agus siopaí caife ann do theaghlaigh chun sos dea-thuillte a ghlacadh. Mura meallann ionaid siopadóireachta tú, féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar aon cheann de na bailte nó na sráidbhailte i bhFine Gall ina bhfuil rogha siopadóireachta traidisiúnta le fáil. Trí chuairt ar aon cheann de lár na mbailte, tá rogha ann don teaghlach bia agus deoch traidisiúnta, éadaí agus siopaí eile a aimsiú

Ráthaíonn na siopaí seo seirbhís phearsanta agus cuireann siad fáilte mhór roimh chách le blianta fada anuas agus cuireann gnóthaí teaghlaigh feabhas ar d’eispéireas siopadóireachta.