Deiseanna Gairme le Comhairle Contae Fhine Gall

Cad is fiú oibriú le Comhairle Contae Fhine Gall?

Freastalaíonn Comhairle Contae Fhine Gall ar achar 452 ciliméadar cearnach lastuaidh de Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá san achar sin pobail tuaithe, uirbeacha agus bhruachbhailteacha, agus tá roinnt príomhghnéithe ann de bhonneagar náisiúnta agus réigiúnach, Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an Campas Náisiúnta Spórt ina measc.

Tá daonra faoi rath 296,214 duine i bhFine Gall, arb ionann sin agus méadú 8.1% ar an daonra ó rinneadh an comhaireamh deireanach, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016. Chomh maith leis sin, tá an mheánaois is ísle in Éirinn i bhFine Gall agus tá sé ar cheann de na contaetha is éagsúla i dtaobh cúrsaí eitneacha agus cultúrtha de.

Tá an Chomhairle freagrach as forbairt shóisialta, gheilleagrach, bhonneagrach agus chultúrtha chontae Fhine Gall.  Soláthraímid réimse seirbhísí dár saoránaigh - saoráidí pobail agus fóillíochta, tithíocht, pleanáil, seirbhísí comhshaoil, cothabháil, uisce, bealaí iompair, agus tacaíocht gnó, i measc rudaí eile.

Údarás áitiúil dinimiciúil agus réamhghníomhach sinn, a thugann aghaidh ar na dúshláin a bhíonn romhainn agus a aimsíonn bealaí nua lena chinntiú gurb é Fine Gall an rogha áite in Éirinn le cónaí ann, le hoibriú ann, le cuairt a thabhairt air agus le gnó a dhéanamh ann.

Trí oibriú le Comhairle Contae Fhine Gall beidh an deis agat taithí a fháil ag croílár rialtais áitiúil agus chun fíor-dhifear a dhéanamh dár gcontae. Is cuma cén ról a bhíonn agat, glacfaidh tú le ról ríthábhachtach chun an uaillmhian sin a bhaint amach mar bhall d’fhoireann thiomanta beagnach 1,500 duine.

 Más mian leat difear dearfach a dhéanamh don phobal is óige in Éirinn, ba mhaith linn cloisteáil uait.

Údarás áitiúil dinimiciúil agus réamhghníomhach sinn

Cad iad na tairbhí?

Cuirimid sár-thairbhí ar fáil dár bhfostaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall:

  • Táimid tiomanta do dheiseanna a sholáthar d’fhoghlaim agus forbairt leanúnach chun gur féidir leat do lánchumas a fhorbairt.
  • Spreagtar fostaithe go gníomhach chun tabhairt faoi dheiseanna oideachais trínár Scéim Cúnaimh Oideachais.
  • Baineann tábhacht, dar linn, le cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil agus cuirimid réimse cuimsitheach roghanna ar fáil dá bharr, ar nós uaireanta oibre solúbtha, réimse de roghanna speisialta saoire agus roinnt clubanna sóisialta.
  • Cuirimid clár cuimsitheach sláinte cheirde agus folláine fostaithe ar fáil, Clár Cúnaimh d’Fhostaithe (CCF), scagthástáil sláinte, comhairle ar an tsláinte agus cothú, agus cainteanna faoi fholláine ar fáil ina measc sin.
  • Tá gach fostaí mar bhall de scéim pinsin seirbhíse poiblí. Glacfaidh iontrálaithe céaduaire sa tseirbhís phoiblí le ballraíocht den Scéim Pinsin Seirbhíse Poiblí Aonair.
  • Mar fhostóir comhdheiseanna, táimid tiomanta do chomhdheiseanna a chur i bhfeidhm inár mbeartais agus nósanna imeachta fostaíochta go léir.
  • Cuirimid saoire íoctha mháithreachais/uchtaíoch agus saoire atharthachta ar fáil.
  • Cuirimid saoire bhreoiteachta íoctha ar fáil, ar aon dul le scéim saoire bhreoiteachta na seirbhíse poiblí.
  • Tacaímid le réimse de roghanna eile saoire, saoire atharthachta, saoire chúramóra, saoire staidéir agus scéim bliain oibre níos giorra ina measc.
  • Íocfar thú i gcomhréir le scála tuarastail incriminteach agus cuirimid sárdheiseanna ar fáil chun dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm bheatha.
  • Soláthraímid rochtain ar an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre agus an Scéim Coigilteoir Cánach, chun do chostais chomaitéireachta a laghdú.

Cliceal anseo Folúntais reatha agus torthaí