Pobal agus Spóirt

An Comhchoiste Póilíneachta

Sláinte agus Sábháilteacht Phoiblí

Cuireadh an Comhchoiste Póilíneachta ar bun faoi Acht an Gharda Síochána 2005, agus eisíodh na Treoirlínte is déanaí ar fheidhmiú Comhchoistí Póilíneachta ar an 29 Lúnasa 2014.

Feidhmíonn Comhchoistí Póilíneachta ar bhealach a thugann deis comhairliúchán, comhoibriú agus freagracht níos mó a fhorbairt idir an Garda Síochána, Údaráis Áitiúla agus ionadaithe tofa áitiúla, le rannpháirtíocht na hearnála pobail agus deonaí, maidir le bainistíocht saincheisteanna póilíneachta agus coiriúlachta. Tá a léargas áirithe féin agus a gcion féin le tairiscint ag gach páirtí sna Comhchoistí Póilíneachta, chomh maith lena bhfreagrachtaí féin chun a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais na sochaí  go héifeachtach le pobail a choinneáil slán sábháilte.

Is iad seo a leanas baill Chomhchoiste Póilíneachta Fhine Gall (i bhfeidhm 2014):

  • 15 bhall tofa ón Údarás Áitiúil (Comhairleoirí Contae)
  • 5 ball tofa ón Oireachtas (Teachtaí Dála agus Seanadóirí)
  • 2 Oifigeach ón Údarás Áitiúil
  • 2 Ionadaithe ón Gharda Síochána
  • 7 Ionadaithe Pobail
Tuarascálacha Bliantúla agus Tuarascálacha maidir le Cruinnithe Poiblí

Report of JPC Public Meetings 2018 agreed at the JPC Meeting on Friday 23rd May 2018.

Report of JPC Public Meetings 2017 agreed at the JPC Meeting on Friday 26th May 2017.

Report of JPC Public Meetings 2016 agreed at the JPC Meeting on Friday 27th May 2016.

Report of JPC Public Meetings 2015 agreed at the JPC Meeting on Friday 19th June 2015.

Déan Teagmháil Linn

Tá tús curtha againn le liosta seachadta ríomhphoist phoiblí le déanaí, chun an t-eolas is déanaí maidir le tionscnaimh de chuid an údaráis áitiúil agus sábháilteachta poiblí an Gharda Síochána a roinnt.  Más mian leat an ríomhphost seo a fháil, seol ríomhphost chuig  [email protected]  agus sonraigh d’ainm agus do sheoladh agus bíodh "liostáil do liosta seachadta JPC" i líne an ábhair.

Más spéis leat tuilleadh eolais faoi Chomhchoiste Póilíneachta Fhine Gall, seol ríomhphost chuig  [email protected]

Más spéis leat eolas úsáideach faoi Chosc na Coireachta agus Póilíneacht Phobail, féach ar www.garda.ie