Treochlár Wi-Fi Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall

Steora

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do bhonneagar agus seirbhísí digiteacha an Chontae a fhorbairt agus a fheabhsú. Beidh sé ina sócmhainn mhór dár gcuairteoirí, dár ngnóthaí agus dár gcónaitheoirí teacht a bheith ar fáil ar Wi-Fi poiblí saor a in aisce inár mór-lár bailte agus sráidbhailte. Beidh soláthar Wi-Fi saor in aisce mar chuid de Straitéis Dhigiteach na Comhairle atá le foilsiú i mbliana (2019).

Agus an tseirbhís seo tugtha isteach, déanfar an clú atá ar Fhine Gall a neartú mar áit cheannródaíoch agus mar thírdhreach uirbeach agus tuaithe ina bhfuil an t-ionchuimsiú digiteach, agus ina ndéantar an rochtain láidir ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis ar líne ar fud an Chontae a chur chun cinn. Tá an tionscnamh á bhainistiú ag Rannóg Theicneolaíochta Faisnéise na Comhairle, atá ag dul i mbun idirchaidrimh i gcomhar leis na rannóga ábhartha laistigh den Chomhairle.

Is iad príomhaidhmeanna tionscadal Wi-Fi na Comhairle:

  • Rochtain phoiblí saor in aisce ar sheirbhísí idirlín a chur ar fáil sna limistéir is mó tábhachtaí sna bailte príomhúla, agus i sráidbhailte chomh maith.
  • Fine Gall a chur chun cinn mar réigiún ceannródaíoch agus ina nglactar leis an ionchuimsiú digiteach. 
  • Wi-Fi poiblí saor in aisce a thabhairt isteach mar uirlis chúnaimh chun an fás eacnamaíoch a chothú, rud a fhágfaidh go mbeidh Fine Gall ina cheann scríbe níos tarraingtí don saoránach, do ghnólachtaí agus do chuairteoirí chomh maith. 
  • Chun cur leis an rochtain phoiblí atá ar fáil ar sheirbhísí agus ar an fhaisnéis ar líne.
  • Chun obair i gcomhar leis an tionsclaíocht chun an infheistíocht sa bhonneagar digiteach a chur chun cinn.

Breathnaigh ar Threochlár Wi-Fi Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall anseo