Comhshaol

Calafoirt

Tá na calafoirt i mBaile Brigín, sna Sceirí, i Loch Sionnaigh agus ar an Ros faoinár stiúir agus is calafoirt oibre iad.

á an Roinn Oibriúchán freagrach astu seo a leanas sna ceithre chalafort: sábháilteacht, sláine struchtúrtha, cothabháil áiseanna loingseoireachta, diúscairt dramhaíola, páirceáil agus rialú bruscair.

Cuirtear i gcuimhne do chuairteoirí ar na ceithre chalafort ar fad gur chóir dóibh a bheith ar a n-aire i gcónaí ar an ábhar gur calafoirt oibre iad.

 Ní ceadmhach soithigh a fheistiú ná a chur i mbeart sna calafoirt gan cead scríofa an Údaráis. Ní bhaineann an fhoráil seo le soithigh atá ag lorg foscaidh nó atá i nguais. Caithfidh máistrí soithí mar sin teagmháil a dheanamh leis an údarás a luaithe agus is féidir más éigean dóibh dul isteach sa chalafort agus iad i mbroid. Ní ceadmhach soithí a thréigean i bpurláin an chalafoirt, bíodh sin san uisce nó ar an talamh dhaingean gan cead scríofa. Bainfidh an t-údarás soithí mar seo, rigín, feisteas agus trealamh ar shiúl agus gearrfar an costas a bhaineann lena mbaint ar shiúl ar na húinéirí.

Ghlac an Chomhairle lena Fodhlíthe maidir lena ceithre chalafort i mí na Nollag 2010. 

Harbour Byelaws Adopted Balbrigagn & Skerries

Harbour Byelaws Adopted Rush & Lougshinny

Harbour byelaws Adopted Rush Lougshinny