Pobal agus Seandálaíocht

Community Archaeology 1

Níl aon sainmhíniú amháin ann a nglactar leis maidir le seandálaíocht phobail agus cuimsíonn an téarma suirbhéanna ar fhoirgnimh, geoifisiceacha, tírdhreacha agus topagrafacha; stairsheanchas agus tionscadail scoilbhunaithe; athchóiriú reiligí; taighde cartlainne; conairí agus comharthaíocht oidhreachta; tionscadail eolaithe saoránach, scoileanna allamuigh agus campaí samhraidh i dteannta le tochailt seandálaíochta.

Is comhpháirtíocht í an tseandálaíocht phobail idir baill an phobail agus seandálaithe gairmiúla. Cuireann sí le todhchaí inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don timpeallacht agus uilechuimsitheach go sóisialta. Féach Straitéis Seandálaíochta Pobail Fhine Gall 2019-2023.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go n-éilíonn tochailt seandálaíochta, suirbhé geoifisiceach agus brathadóir miotail ceadúnas a eisítear (dóibh siúd atá incháilithe) trí Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Tá aitheantas tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall do luach na seandálaíochta pobail le roinnt blianta agus i dteannta leis an gComhairle Oidhreachta tacaíonn sí le tionscnaimh seandálaíochta pobail éagsúla i bhFine Gall. Chuir siad seo ar chumas na céadta duine a n-uaillmhian a bhaint amach chun páirt a ghlacadh i dtochailtí, scileanna nua a fhoghlaim in éineacht le seandálaithe gairmiúla, agus nasc a dhéanamh lena láithreáin agus séadchomharthaí seandálaíochta áitiúla. Féadfaidh tú ár dtionscadail leanúnacha maidir le hOidhreacht Fhine Gall a leanúint ar leathanach Facebook ag https://www.facebook.com/fingalculturalheritage/

 

Community Archaeology

Cé a bhíonn páirteach i seandálaíocht pobail?

Is é an freagra gairid ná gach duine. Bhí na rannpháirtithe idir 18 agus 90 bliana d’aois agus bhí muintir na háite, daoine ó mhórcheantar Fhine Gall san áireamh; daoine a thaistil ó áiteanna éagsúla in Éirinn; turasóirí; baill de na pobail nua; grúpaí teaghlaigh; baill foirne Chomhairle Contae Fhine Gall; baill de ghrúpaí seandálaíochta pobail eile, gairmithe oidhreachta agus mic léinn. Má tá smaoineamh agat do thionscadal nó má tá tacaíocht ag teastáil ó do ghrúpa pobail, déan teagmháil le hOifigeach Oidhreachta Fhine Gall le do thoil.

Lámhleabhar Adopt a Monument https://www.heritagecouncil.ie/content/files/Guidance_for_community_archaeology_projects.pdf

Seandálaíocht Pobail - Níos mó Ceisteanna ná Freagraí?

 

Déan Teagmháil Linn

Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta.

Teil: 01 8905691

Ríomhphost:  [email protected]