Cén fáth a roghnófá Fine Gall

Tá seirbhísí iompair maithe ag Fine Gall idir bhealaí aeir, mara agus bealaí náisiúnta, agus tá roinnt earnálacha eacnamaíocha tábhachtacha ann, lena n-áirítear an táirgeadh bia.

Is é Fine Gall an contae is fearr nasctha agus is mó fáis in Éirinn, agus daonra de 296,214 ann amhail Daonáireamh 2016. Idir 2011 agus 2016, tháinig méadú 15% ar an fhostaíocht sa Chontae.

Tá buntáistí suntasacha eacnamaíocha ag Fine Gall. Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suite ann, tá gréasán fairsing iarnróid agus bóithre ann agus tá bonneagar cumhachta agus teileachumarsáide den scoth aige. Mar gheall ar go bhfuil sé cóngarach do lár chathair Bhaile Átha Cliath agus sinn ar chonair eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste is féidir ár bhfás leanúnach todhchaíoch a chinntiú.

Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suntasach ar bhonn náisiúnta mar gheall ar an méid post atá i gceist leis, chomh maith leis an méid tráchta paisinéirí agus seirbhísí aerloingseoireachta a théann tríd agus is é an príomh-mhol eacnamaíochta i bhFine Gall i gcónaí. Tá sé mar thosaíocht faoi Phlean Tionscadail Náisiúnta 2040 an Rialtais go leanfar ar aghaidh leis a fhorbairt go leanúnach.

Is é daonra Fhine Gall an ceann is óige agus is ilghnéithí sa Stát. Tá an leibhéal oideachais an-ard ann, agus oideachas ollscoile ag breis is 30% den daonra.

Is iad na tosaíochtaí atá ag Comhairle Contae Fhine Gall ná an fhorbairt eacnamaíoch agus an cruthú fostaíochta a thacú agus a éascú; tithíocht agus seirbhísí pobail eile a chur ar fáil; agus an earnáil turasóireachta sa chontae a chur chun cinn agus a leathnú amach.

Tá roinnt mol suntasacha suite i bhFine Gall, agus tá roinnt de na hainmneacha is mó tábhachtaí sna hearnálacha teicneolaíochta, eolaíochtaí beatha agus cógaisíochta lonnaithe ann. Tá moil earnála bia dúchasaigh an-láidir ann freisin, agus tá go leor de na príomhbhrandaí gairneoireachta náisiúnta lonnaithe i bhFine Gall.

Leantar le Fine Gall a bheith an contae is tábhachtaí go mór fada i gcónaí maidir leis an táirgeadh bia. Táirgeann ár 600 feirmeoir 14.5% den aschur prátaí náisiúnta, 47% den aschur glasraí allamuigh agus 37% de na torthaí, glasraí agus de phlandaí plandlainne atá faoi chosaint.

Tá sé léirithe sa taighde idirnáisiúnta gur féidir leibhéil áitiúla gníomhaíochta eacnamaíochta a threisiú go suntasach trí Pháirceanna Tionsclaíochta a bheith curtha ar fáil.

Cuireann Crios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath (DEZ), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath 15, €14.4 billiún leis an aschur eacnamaíoch náisiúnta agus tacaíonn sé sin le 34,600 post sa gheilleagar. Tá forbairt déanta ag an DEZ, lena n-áirítear Baile Damail, Baile Cóilín agus Cherryhound, ar bhonn náisiúnta le 20 bliain anuas, le tacaíocht ón infheistíocht shuntasach phoiblí agus phríobháideach. Tá 20 Páirc Ghnó sa cheantar faoi láthair le thart agus 1,100 áitreabh gnólachta iontu. Tacaítear le níos mó ná 19,500 post i meascán den infheistíocht dhíreach eachtrach agus de chuideachtaí dúchasacha araon.

Leanann Roinn Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontair agus Turasóireachta Chomhairle Contae Fhine Gall ag cur leis an rath atá bainte amach ag an DEZ. Ina theannta sin, leanfaidh an Chomhairle ag mealladh na hinfheistíochta chuig na limistéir uile sa Chontae lena n-áirítear Baile Stiofáin agus an ceantar timpeall ar Bhaile Brigín atá ag fás faoi láthair agus a bhainfidh tairbhe as infheistíocht shuntasach faoi Chlár Caipitil na Comhairle.

In 2018, cuireadh tús le tionscadal chun Straitéis Shocheacnamaíoch lán-chomhtháite a fhorbairt do Bhaile Brigín ar a dtugtar ‘Ár mBaile Baile Brigín’. Ag teacht as sin, cuireadh le chéile Plean Athchóirithe Bhaile Brigín agus leagtar amach ann claochlú a gcosnófar na milliúin euro ar bhonneagar, áiseanna agus spásanna poiblí Bhaile Brigín, agus ag an am céanna táthar ag iarraidh níos mó infheisteoirí agus cuairteoirí a mhealladh ann chun borradh a chur faoin ngeilleagar áitiúil.

Tugann Comhairle Contae Fhine Gall faoi obair shuntasach chun turasóirí a mhealladh chuig an gContae, trí áiseanna turasóireachta a sholáthar, leis an margaíocht agus trí imeachtaí a chur ar siúl.

Meastar go gcaitheann cuairteoirí ar Fhine Gall suas le €0.5 billiún euro in aghaidh na bliana. Tugtar tacaíocht, dá réir sin, le 20,000 post measta. Mar thoradh ar an Seó Flavours of Fingal amháin, arna thacú ag an gComhairle, rinneadh €3.1 milliún d'aschur eacnamaíoch.

Tacaíonn Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall le forbairt FBManna sa Chontae trí Chomhairle Gnó agus Meantóireacht, tríd an Oiliúint do Ghnólachtaí Beaga, le Tacaíochtaí Airgeadais, Imeachtaí Líonraithe, le Dearbháin chun Trádáil ar Líne agus leis an Oiliúint Fiontraíochta.

Má tá tú ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh i bhFine Gall, déan teagmháil le Rannóg Fiontair agus Turasóireachta Chomhairle Contae Fhine Gall ar 01-8905000 nó trí ríomhphost ag %65%63%6fnomicdevelopment%73%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]