Blanch Hero

Baile Bhlainséir

Mol bríomhar atá réidh le leathnú agus bláthú 

Discover More

53.386669904982, -6.3769588483252

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Baile Bhlainséir

Is é Baile Bhlainséir an ceantar is mó daonra agus is uirbí sa chontae. Tá 120,000 duine ina gcónaí ann, agus is ann atá Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir, ceann de na hionaid mhiondíola is mó in Éirinn. Chomh maith leis sin, is i mBaile Bhlainséir atá Oifigí Cathartha Chomhairle Contae Fhine Gall suite, a chinntíonn go bhfuil teacht go héasca ag muintir na háite ar oifigí na comhairle.

Bíonn fonn ar dhaoine infheistiú sa cheantar seo mar gheall ar lucht oibre mór a bheith ar fáil agus naisc iompair áisiúla. Tugann Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir go leor airgid isteach sa cheantar agus tá sé nasctha le príomhcheantair eile i bhFine Gall agus i gCathair Bhaile Átha Cliath. Is sócmhainn shuntasach náisiúnta eacnamaíoch é Crios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath.  Bunaíodh Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir in 1999 agus tá breis is 3,500 mac léinn ag freastal ar an institiúid anois. Tá éagsúlacht cúrsaí á cur ar fáil san Institiúid cosúil le hEolaíocht Ríomhaireachta, Innealtóireacht, Eolaíochtaí Sóisialta, Gnó, agus Cúram Leanaí. 

I mí Eanáir 2019, cónascadh Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir agus is Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a thugtar uirthi anois, an chéad ollscoil teicneolaíochta in Éirinn. Áireofar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir ar cheann de thrí champas a bheidh in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir, i gcomhpháirtíocht le Campas na Cathrach agus Campas Thamhlachta.

National Aquatic Centre

Léim isteach san uisce san Ionad Náisiúnta Uisce

I measc na n-áiseanna atá le fáil san ionad seo a bhfuil an-tóir air tá linnte snámha ar chaighdeán comórtais idirnáisiúnta, an giomnáisiam ToneZone, an Campas Spóirt Náisiúnta éilíte, agus AquaZone, ceann de na páirceanna uisce is nuálaí san Eoraip.

Tá rud éigin ann do chách, is cuma más i mbun traenála do na chéad chluichí Oilimpeacha eile atá tú nó mura mian leat ach tamall a chaitheamh ag dul suas agus síos sleamhnán uisce.
 

Draiocht

Bain súp as na healaíona ag Draíocht

Reáchtáiltear seóanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ó gach disciplín léirithe san ionad seo a bhfuil cáil i bhfad is i ngearr air.

Úsáidtear an t-ionad ilfheidhmeach seo le haghaidh raon gníomhaíochtaí lena n-áirítear gníomhaíochtaí damhsa, drámaíocht, na healaíona ilmheán agus gníomhaíochtaí eile nach iad.