Ealaíon agus Cultúir

Éire Ildánach

Clár Éire Ildánach 2017- 2022

Éire Ildánach an tionscnamh de chuid an Rialtais a eascraíonn le hoidhreacht ó Éire 2016 – tionscnamh cúig bliana, ó  2017 go 2022, a chuireann cruthaitheacht i gcroílár bheartas poiblí. Is tionscnamh ard-leibhéal, ard-uaillmhian, uile-rialtais  é chun cruthaitheacht a chur i gcroílár saol an náisiúin chun ár n-acmhainneacht chruthaitheach iomlán a bhaint amach le chéile, inár saol pearsanta agus inár n-institiúidí.

Faigh amach níos mó faoi, anseo

Is cuid de Chlár Cruthaitheachta Náisiúnta na hÉireann é Straitéis Fhine Gall um Chultúr agus Cruthaitheacht 2018-2022. Tugann an straitéis seo creat i gcomhair idirbheartaíochta reatha idir an pobal, na gairmithe cruthaitheacha agus Comhairle Contae Fhine Gall.  Tugann sé tacaíocht d’fhorbairt réimse tionscnaíochtaí cruthaitheacha agus cultúrtha a dtabharfaidh deiseanna do shaoránaigh ar fud na tíre chun a n-acmhainn go léir a bhaint amach.  

Faigh amach níos mó faoi, anseo

 

Clár Éire Ildánach Fhine Gall 2021

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuiltear anois ag glacadh le hiarratais mar chuid de Chlár Éire Ildánach Fhine Gall 2021.

Tacóidh an ciste seo le daoine aonair agus/nó grúpaí áitiúla, atá ag feidhmiú ar bhonn seachbhrabúsach, le tionscadail a dhéileálann ar bhealach cruthaitheach leis na téamaí seo a leanas -  Folláine Pobail agus Cultúr, Oidhreacht, Ceol, STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic) agus an Ghaeilge.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 4pm ar an Aoine, an 5 Márta 2021.

Critéir Cháilitheachta & Form Iarratais

Ad Éire Ildánach Fhine Gall 2021