Airgeadais

Cáin Mhaoine Áitiúil

Is cáin a íoctar ar luach an mhargaidh ar mhaoin chónaithe í an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMA). Tháinig an muirear a riarann agus a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2013. Bhí íocaíocht leath-bhliana dlite in 2013, agus íocaíocht do bhliain iomlán dlite ó 2014 i leith.

Fógra rith rúin chun an bunráta Cánach Maoine

Áitiúla  a  athrú do 2026

Tá foráil ar leith san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), gur féidir le Comhaltaí Tofa d’údarás áitiúil rún foirmiúil a rith chun an ráta bunúsach den Cháin Mhaoine Áitiúil dá gceantar riaracháin a athrú de réir céatadán ar a dtugtar an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil. Tugaim fógra anseo gur rith rún foirmiúil, ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ar an 7ú Iúil 2025, gur chóir an ráta bunúsach de Cháin Mhaoine Áitiúil seasamh athraithe anuas faoi cúig faoin gcéad do 2026 i leith maoine cónaithe iomchuí atá suite i gceantar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall.  

AnnMarie Farrelly

Príomhfheidhmeannach