Donabate Scene 1

Domhnach Bat

Bain taitneamh as na radharcanna ar chósta Dhomhnach Bat

Discover More

53.486495905711, -6.148593961969

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Domhnach Bat

Is baile beag é Domhnach Bat atá buailte ar an gcósta a bhfuil an ceantar cois cósta ann go hálainn.

Fianaise ar an bhfás atá tagtha ar Fhine Gall le blianta anuas é an méadú atá tagtha ar dhaonra na háite; in 1996 bhí 1868 duine ag cur fúthu sa sráidbhaile, agus in 2016 bhí 7443 duine ag cur fúthu sa sráidbhaile.

 

Newbridge House

Athruithe móra i ndán do Theach agus Feirm Newbridge

Tógadh an teach mór Seoirseach seo san 18ú haois do Charles Cobbe, Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, agus bhí sé faoi úinéireacht theaghlach Cobbe ar feadh 200 bliain go dtí 1985.

Is páirc phoiblí, áit súgartha agus modhfheirm é anois.

Tá an-tóir ar an bpáirc ó cheann ceann na bliana le haghaidh gníomhaíochtaí caitheamh aimsire, agus tá páirceanna spraoi ann freisin a bhíonn in úsáid ag clubanna spóirt áitiúla.

Donabate Scene 3

Caith tamall ag siúl ar do shuaimhneas ar thrá Dhomhnach Bat

Bíonn neart surfálaithe ag triall ar Thrá Dhomhnach Bat, agus is áit bhreá é le tamall a chaitheamh ag siúl nó ag curachóireacht.

Tá radhairc áille ar Reachrainn, Leithinis Bhinn Éadair agus Inbhear Mhullach Íde ón trá.

Is furasta an áit a bhaint amach ó mhótarbhealaí an M50 agus an M1, agus tá carrchlós agus leithris sa cheantar.