Rush scene 2

An Ros

Baile lán éagsúlachta atá ag forbairt

Discover More

53.521892643977, -6.0913208989059

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí An Ros

Is baile beag é An Ros ar chósta Mhuir na hÉireann idir Na Sceirí agus Lusca.

Breathnaíodh ar an Ros mar chroílár garraíodóireachta margaidh i gCúige Laighean lá den saol, agus fostaíodh go leor daoine in earnáil na talmhaíochta ann.

Ach sa lá atá inniu ann, is baile sa "chrios comaitéireachta" é An Ros agus tá ról níos tábhachtaí aige sin ná atá ag gairneoireacht agus talmhaíocht.

Tá póirseáid iontach dhá mhíle ó thuaidh ón Ros, agus níl ach an phóirseáid sin fágtha de Theach Chionn Iúir, ar theach mór é a raibh go leor acra tailte eastáit thart timpeall air.

Rush panorama

Tabhair cuairt ar an trá cháiliúil, an Trá Theas

Mar gheall ar an bpríomhghaoth agus an taoide, tá an-tóir ar an surfáil eitleoige ag an Trá Theas sa Ros agus meallann an gaineamh agus na dumhcha go leor cuairteoirí.