Trá Theas an Rois

rush south

Tá Trá Theas an Rois 2.4km ar fad agus tá córas seanbhunaithe dumhcha ar a cúl. 

Tá an Ros ó thuaidh d’Inbhear Bhaile Roiséir i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

Má thaistealaíonn tú ar an mbus, glacann sé 10 nóiméad chun siúl ó stad an bhus chuig an trá. Seiceáil Bus Átha Cliath chun teacht ar amchláir agus nuashonruithe ar sheirbhís. Má thaistealaíonn tú ar Iarnród Éireann, glacfaidh sé 45 nóiméad chun siúl ó stáisiún traenach an Rois chuig an trá.

Má tá tú ag taisteal i ngluaisteán, féach an nasc le Léarscáileanna Google sa taobh-bharra Láithreach ar thaobh na láimhe deise den leathanach seo chun do bhealach a phleanáil. 

I measc na n-áiseanna, tá carrchlós poiblí agus leithris phoiblí. Bíonn garda tarrthála ar dualgas idir 11 am agus 7 pm ar an deireadh seachtaine i Meitheamh agus gach lá ó Iúil go Lúnasa.