Forbairt Eacnamaíoch, Turasóireachta agus An Oifig Fiontair Áitiúil

Tionscnaimh Forbartha Geilleagraí

An Fhorbairt Gheilleagrach

Is féidir le comhairlí tionscnaimh forbartha gheilleagraí a reáchtáil chun an fhorbairt gheilleagrach agus an gnó a éascú agus a spreagadh chun tarraingteacht an cheantair áitiúil a fheabhsú mar áit ina ndéanfaí hinfheistíocht.

Sáincheantar Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath

Tá Sáincheantar Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath suite seacht gciliméadar ar an taobh thiar thuaidh de lár na cathrach, laistigh de limistéar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá Sáincheantar Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath suite i mBaile Bhlainséir, bruachbhaile Bhaile Átha Cliath le daonra 100,000 duine.  Tháinig borradh mór ar Sháincheantar Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath le déanaí agus is sócmhainn gheilleagrach shuntasach náisiúnta anois í.

Tugann suíomh Saincheantair Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath, ar imeall chathair Bhaile Átha Cliath rochtain éasca do 1.2 milliúin tomhaltóirí, agus iliomad soláthraithe.

Tá rath Saincheantair Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath go dtí seo de bharr infheistíochta suntasach sa bhonneagar crua agus sa bhonneagar bog a rinne Comhairle Contae Fhine Gall, ÚFT Éireann agus an earnáil phríobháideach le 20 bliain.

Cothaíonn Saincheantar Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath timpeallacht atá I bhfabhar ghnó agus a mheall infheistíochtaí ó chuid de na comhlachtaí na domhain is mó le blianta anuas.

Iomaíochas i nGeilleagar Bhaile Átha Cliath

Rinne Comhairle Contae Fhine Gall staidéar ar iomaíochas coibhneasta Bhaile Átha Cliath, ag déanamh tagarmharacáil ar an réigiún i gcomparáid leis an réigiúin gheilleagair i gcathracha eile ar fud na hEorpa dar teidil  Benchmarking Dublin's Competitiveness