Fingal Integration

Fingal Integration

Discover More

Tá Fine Gall ar cheann de na pobail is éagsúla agus is mó a bhfuil borradh faoi in Éirinn, agus is den ríthábhacht é go bhfuil Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d’imeascadh sóisialta agus do chaighdeán saoil na n-áitritheoirí ar fad a fheabhsú de réir mar a bhíonn an áit ag fás.
Na spriocanna atá againn ná tacú le saoránaigh a mbíonn baic orthu, ar baic iad a mbíonn eisiamh sóisialta mar thoradh orthu, acmhainní a chur ar fáil dóibh, agus tuiscint ar ionchuimsiú a chur chun cinn i bhFine Gall agus iléagsúlacht ar fud an chontae a cheiliúradh.

Oibríonn na hOifigigh Imeasctha ceaptha in éineacht le ranna eile de Comhairle Contae Fhine Gall agus le Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall (PPN) chun Plean Gníomhaíochta na Straitéise Imeasctha agus Comhtháthaithe Shóisialta 2019-2024 de chuid Fhine Gall a chur i bhfeidhm agus chun tacú le forbairt Fhóram Imeasctha Fhine Gall.  

Is é an uaillmhian atá againn a chinntiú go bhfreastalóimid ar riachtanais an daonra iléagsúil agus go ndéanfaimid ár gcuid le cinntiú gur ceantar é Fine Gall ina dtabharfar meas do gach uile duine atá ina gcónaí ann, ag obair ann nó ar cuairt ann.

Migrant Integration and Social Cohesion Strategy

Féach ar Phlean Gníomhaíochta na Straitéise Imeasctha agus Comhtháthaithe Shóisialta 2019-2024

Valerie integration officer

Oifigeach Imeasctha Nua Ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall

Traveller Accommodation Programme

Tacaíocht Ghrúpa Idirghníomhaireachta an Lucht Siúil (TIG)

Is é an aidhm atá againn raon gníomhaireachtaí reachtúla agus Grúpaí Forbartha an Lucht Siúil a thabhairt le chéile, chun faisnéis a roinnt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Lucht Siúil i bhFine Gall agus chun imeascadh níos fearr a bhaint amach i dtaobh na seirbhísí a chuirtear ar fáil dóibh.