Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2022 Fhine Gall Léirithe Spéise á lorg

Tá an t-am sin den bhliain tagtha arís nuair a thosnaímid ag féachaint ar cé a bheidh rannpháirteach agus cad a bheidh ag tarlú do Sheachtain Chuimsithe Fhine Gall 2022!

Inclusion Week 2021

Tá an t-am sin den bhliain tagtha arís nuair a thosnaímid ag féachaint ar cé a bheidh rannpháirteach agus cad a bheidh ag tarlú do Sheachtain Chuimsithe Fhine Gall 2022! Má bhí tú páirteach ann cheana nó más é seo do chéad uair ag glacadh páirte ann léigh an méid seo a leanas le do thoil:

Beidh Seachtain Chuimsithe Fhine Gall ar siúl ón 14ú go dtí an 20ú Samhain 2022. Is tionsnamh é de chuid Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall, Foireann Imeasctha Fhine Gall, agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall. Tá sé mar aidhm aige aird a tharraingt ar an obair dhearfach a dhéanann pobailgníomhaireachtaí, agus eagraíochtaí eile chun an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a laghdú i bhFine Gall. Chomh maith leis sin, tá sé d’aidhm ag an seachtain feasacht a mhúscailt faoi na constaicí a bhíonn curtha ar shaoránaigh gur chúiseanna iad leis an eisiamh sóisialta agus chun an tuiscint ar an ionchuimsiú i bhFine Gall a chur chun cinn. Is é an téama do 2022 ná “Sláinte agus Folláine”.

Más mian le d’eagraíocht a bheith mar chuid de Sheachtain Chuimsithe Fhine Gall agus imeacht/gníomhaíocht a eagrú, comhlánaigh an fhoirm léirithe spéise seo le do thoil. Is é an dáta deiridh le haghaidh Léirithe Spéise ná an 7ú Iúil 2022 (5 in).

Nasc chuig Léiriú Spéise do Sheachtain Chuimsithe Fhine Gall:

https://consult.fingal.ie/en/content/2022-fingal-inclusion-week-expression-interest-form