Is tionscnamh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall é Fine Gall Digiteach. Is é an phríomhaidhm atá le Fine Gall Digiteach iarracht a dhéanamh a chinntiú gurb é Fine Gall an áit is rogha le daoine chun maireachtáil ann, a bheith ag obair ann, cuairt a thabhairt air, agus gnó a dhéanamh ann in Éirinn. Tá Straitéis Dhigiteach á forbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara pobail agus gnó chun tacú leis an bhfís seo. Is ionad ilfhreastail é Fine Gall Digiteach do gach gné dhigiteach de shaol Fhine Gall, taispeánfar na tionscadail dhigiteacha atá ar bun i bhFine Gall, agus tabharfar léargas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le Straitéis Fhine Gall Digiteach.

Straitéis Dhigiteach Fhine Gall
Tá Straitéis Dhigiteach d’Fhine Gall á hullmhú ag Comhairle Contae Fhine Gall, ina ndéanfar cur síos ar conas is féidir leis an teicneolaíocht cabhrú leis an gcaoi a gcaithimid ár saol, a ndéanaimid ár gcuid oibre agus gnó i bhFine Gall. Tá an Chomhairle ag iarraidh ar bhaill den phobal an méid ba mhaith leo a fheiceáil sa Straitéis a chur in iúl.

Wi-Fi Bhaile Brigín
Is é Baile Brigín an chéad suíomh ar an gcósta thiar chun Wi-Fi poiblí.

Guthanna Nach gCloistear
Úsáid á baint ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Cathrach Chorcaí as teicneolaíocht chun éisteacht le guthanna nach raibh le cloisteáil roimhe seo nuair a bhí cinntí áitiúla á ndéanamh.

Comharthaíocht
Comharthaíocht le Route4U: Conas is féidir inrochtaineacht a fheabhsú áit ar bith in Éirinn? Níl ag teastáil ach 30 soicind agus fón cliste.

Fóram Cathracha Cliste Uile-Éireann
Is cleachtas poiblí é an Fóram Cathracha Cliste Uile-Éireann atá dírithe ar fhorbairt cathracha i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann trí chur i bhfeidhm, agus cruthú luacha ginte ag cláir cathracha cliste.

Baile Átha Cliath Cliste
Is tionscnamh de chuid na gceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath é Baile Átha Cliath Cliste; Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath