Guthanna Nach gCloistear

Unheard Voices Logo

Úsáid á baint ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Cathrach Chorcaí as teicneolaíocht chun éisteacht le guthanna nach raibh le cloisteáil roimhe seo nuair a bhí cinntí áitiúla á ndéanamh.

 

In 2018, sheol Comhaire Contae Fhine Gall, i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Chorcaí, dúshlán na “nGuthanna Nach gCloistear”, faoi Chlár SBIR Fiontraíocht Éireann. Ba é an dúshlán a bhí ann teacht ar réitigh nua, theicneolaíocha a chabhródh le daoine aonair agus le grúpaí a bheith páirteach san obair atá ar bun ag a n-údarás áitiúil.

Dhírigh an dúshlán go háirithe ar rannpháirtíocht le daoine óga, grúpaí imirceach, agus daoine eile nach mbaineann  úsáid as na modhanna atá ann faoi láthair a fheabhsú. Tugadh cuireadh do sholáthraithe teicneolaíochta a gcuid smaointe a roinnt, smaointe a chuirfeadh le, seachas a thiocfadh in áit na modhanna traidisiúnta rannpháirtíochta. 

 

Céim 1

 

Ag deireadh 2018, bronnadh maoiniú ar cheithre chuideachta mar chuid de chéim a haon de ‘Dhúshlán SBIR na nGuthanna Nach gCloistear’. Chuir gach cuideachta réitigh nuálacha agus uilechuimsitheacha i láthair a bhfuil sé mar aidhm leo pobail a chumhachtú agus rannpháirtíocht saoránach a fheabhsú:

CiviQ

Soláthraíonn CiviQ modh nua agus léargais ar thuairimí an phobail chun éagsúlacht, plé agus cuimsiú a chur san áireamh i ndéanamh agus i bpleanáil beartas poiblí. Cuireann an t-ardán OpenInsights ar chumas pobal agus an comhlacht comhairliúcháin na guthanna ar fad a bhaineann le saincheist a chur san áireamh, peirspictíochtaí comhroinnte bunúsacha, agus na réimsí comhaontaithe agus difríochta a shainaithint.

OneStepCloser agus Story Tracks

Is ardán comhpháirteachais phoiblí é Onestepcloser.to áit ar féidir le daoine vóta a chaitheamh le haghaidh tionscadal athraithe a bhfuil tionchar dearfach acu ar a bpobal áitiúil. Tarraingítear le chéile in StoryTracks, ardán seanchais a thugann scéalta áitiúla chun beochta trí inneachar fuaime agus físeáin. Spreagann Together OneStepCloser agus Story Tracks daoine sa phobal chun labhairt amach agus tionchar a bheith acu ar an athrú is mian leo a fheiceáil ag tarlú.

Smart Futures

Is é atá mar aidhm le Smart Futures dlús a chur le rannpháirtíocht saoránach chun seirbhísí poiblí a bharrfheabhsú. Úsáideann a réitigh chomhoibríocha ghréasáin agus mhóibíleacha intleacht chomhchoiteann agus shaorga chun cabhrú le riaracháin phoiblí rialachas agus cothabháil na cathrach a fheabhsú. Tá nualaíocht ag baint le Smart Futures mar go mbaintear úsáid as cluichiú agus as duaiseanna chun rannpháirtíocht a chothú agus chun cathracha amach anseo a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos uilechuimsithí."

Institiúid Daonlathais Solonian

Bunaíodh Institiúid Daonlathais Solonian chun taighde a dhéanamh ar agus chun cur lenár dtuiscint ar chleachtais mhalartacha dhaonlathacha. Díríonn an Institiúid go háirithe, ar bhealaí chun rannpháirtíocht a spreagadh lasmuigh de thoghcháin agus chun líon na ndaoine a bhfuil baint acu le cinnteoireacht pholaitiúil a mhéadú go suntasach.

Unheard Voices launch

D’oibrigh na ceithre chuideachta chun a réitigh a bhforbairt, iad a thástáil agus clár píolótach a reáchtáil le Comhairle Contae Fhine Gall agus le Comhairle Cathrach Chorcaí. I ndiaidh céim a haon a thabhairt i gcrích i lár 2019, roghnaíodh dhá chuideachta rathúla chun maoiniú breise a fháil agus lean siad ar aghaidh go dtí céim a dó: Smart Futures agus OneStepCloser/Story Tracks.

 

Céim 2

 

OneStepCloser/Story Tracks: Guthanna Chorcaí

 

I gCorcaigh, d’oibrigh OneStepCloser agus Story Tracks i ndlúthchomhar le Líonra Rannpháirtíochta Pobail (LRP) Chomhairle Cathrach Chorcaí chun tairseacht nuálach, rannpháirteach déanta deontas a chur ar fáil trí chuireadh a thabhairt do ghrúpaí pobail áitiúla físeáin ghearra a dhéanamh ag lorg cistí pobail.

 

Rinne raon leathan de thionscadail spéisiúla pobail, lena n-áirítear Siúlóid Dúlra Dobharchú Chorcaí, Imeacht Samhraidh um Fhéinmharú a Chosc Chomhairle na nÓg, agus Ceardlanna Soláthar Díreach International Community Dynamics, iarratas ar mhaoiniú, agus tugadh cuireadh do phobal na háite vóta a chaitheamh ar son na bhfíseán is fearr leo i rith Mheitheamh 2019.

 

Caitheadh breis is 2,000 vóta, bronnadh deontais de idir €750 - €400 ar shé eagraíocht, ag tacú le barr feabhais, agus cláir phoiblí fhiúntacha a mbíonn torthaí dearfacha do phobal Chorcaí mar thoradh leo. Tá tuilleadh eolais le fáil ag http://corkvoices.org/

 

Smart Futures: Guthanna Fhine Gall

 

Cuirfidh aip mhóibíleach nua The Fingal Voices, a sheolfar sa cheathrú ráithe de 2019, ar chumas lucht cónaithe Chomhairle Contae Fhine Gall a bheith níos rannpháirtí i saol na háite agus tionchar a imirt ar thodhchaí Fhine Gall ar bhealaí spraíúla agus nuálacha. Cuirfidh an aip ar chumas baill den phobal páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí a bhaineann le pleanáil nó tionscadail áitiúla trína bhfóin chliste. Nuair a dhéanann baill den phobal moltaí bronnfar pointí orthu ar féidir iad a úsáid chun dearbháin a fháil chun rochtain a fháil ar áiseanna áitiúla i gcomhar le comhpháirtithe rannpháirteacha.

 

Áireofar san aip seo roinnt gnéithe nuálacha chun eispéireas bhaill den phobal lena gComhairle a fheabhsú trí chead a thabhairt dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Tuairimí a roinnt agus freagairt do thograí atá déanta ag an gComhairle trí vótáil do roghanna difriúla, tograí a rátáil agus a dtuairimí a thabhairt.
  • Feabhsúcháin a mholadh nó saincheisteanna sonracha ina gceantar áitiúil a thuairisciú.
  • Eolas faoi nuacht agus imeachtaí áitiúla a fháil.

 

Beidh an aip ar fáil le híoslódáil ón Apple App Store agus Android Play Store níos déanaí i mbliana.

Fingal voices app 2

Dul Chun Cinn Amach Anseo

 Cuid thábhachtach den eispéireas foghlama do Chomhairle Contae Fhine Gall agus do Chomhairle Cathrach Chorcaí ba ea “Guthanna Nach gCloistear” nuair a bhí iniúchadh á dhéanamh ar conas is féidir teicneolaíocht a úsáid chun cabhrú le rannpháirtíocht saoránach a chur chun cinn agus dul i bhfeidhm ar phobail a d’fhéadfadh a bheith thíos leis de thoradh an eisiaimh. Idir sheanchas físeáin agus chomhairliúcháin dreasaithe, tarraingíodh aird trí bheith ag obair leis an tionscal chun na tionscadail phíolótacha seo a fhorbairt, ar bhealaí nua oibre agus d’fhoghlaim baill foirne an údaráis áitiúil faoi réitigh nuálacha, chliste a bhféadfaí neamhaird a thabhairt orthu murach gur tugadh faoi na tionscadail phíolótacha seo.