Airgeadais

Eolas do Sholáthraithe

Eolas ginearálta ar shonrascú/ orduithe ceannaigh/ cuntais iníoctha

Caithfear Uimhir Ordaithe Ceannaigh bhailí a thaifeadadh ar shonraisc a chuirtear isteach do cheannach earraí nó seirbhísí.

Cuirfear sonrasc gan uimhir ordaithe ceannaigh ábhartha ar ais ó Chuntais Iníoctha go dtí an Soláthraí

Caithfear gach sonrasc a chur ar aghaidh go dtí: Cuntais Iníoctha, an Roinn Airgeadais, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Fine Gall, Co. Bhaile Átha Cliath.  Éirchód K67 X8Y2

Déanann an Roinn Airgeadais gach sonrasc/íocaíocht a phróiseáil. Áirítear orthu seo íocaíochtaí d’earraí agus do sheirbhísí a cuireadh ar fáil don Chomhairle chun críocha Ioncaim agus Caipitil éagsúla

Íocaíocht trí AISTRIÚ CREIDMHEASA SCT - SEPA

Nuair is indéanta déanaimid iarracht íocaíochtaí a dhéanamh do sholáthraithe díreach isteach ina gcuntais bainc trí aistriú creidmheasa SEPA.  Cuirtear ríomhphost faoin íocaíocht chuig an soláthraí ag tabhairt mionsonraí na sonrasc atá á n-íoc.

De réir alt 177 den AchtAirgeadais1995 arna leasú leis an Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, caithfidh gach cuideachta a bhíonn i mbun gnó le hÚdarás Áitiúil Deimhniú Imréitigh Cánach bailí a bheith acu in ainm do chuideachta i.e.an t-ainm atá ar do shonraisc.

Máshroicheanníocaíochtaíiomlánaantairseach€10,000laisitigh de thréimhse rollach 12 mí, ní féidir íocaíochtaí a dhéanamh go bhfaightear Deimhniú bailí uait.

Caithfear an Deimhniú bunúsach a chur faoi bhráid oifig na gCuntas Iníoctha nó má bhaineann tú úsáid as an tSeirbhís Ioncaim Ar Líne, teastaíonn d’Uimhir Chlárúcháin agus an Uimhir Fógra.

Is féidir é seo a aimsiú sa chúinne uachtar ar clé de do Dheimhniú agus féadfaidh Cuntais Iníoctha na mionsonraí a dheimhniú ar líne.

Mura mbíonn Deimhniú reatha agat is féidir foirm iarratais a fháil ag www.revenue.ie

 

Caithfidh gach soláthraí nua a oibríonn mar Fho-Chonraitheoirí thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall Deimhniú Imréitigh Cánach bailí a chur ar fáil.

Tógtar cáin siarchoinneálach as gach íocaíocht i leith seirbhísí proifisiúnta. Baintear é ag ráta caighdeánach na cánach ioncaim ón méid iomlán den íocaíocht atá  dlite, lena n-áirítear aon suim i leith costas nó eisíocaíochta ach gan seo a leanas san áireamh:

CBL a ghearrann an duine sonraithe

Dleachtanna Stampála

Táillí Chlárlann na Talún

Táillí um Gníomhas Clárúcháin

Táillí Oifige Cuideachta

Táillí Cúirte

Déan Teagmháil le Roinn na gCuntas Iníoctha: Teil: 01 8906700   Ríomhphost:  [email protected]