Glac Geadán ar Láimh

An fadhb é bruscar nó graifítí i do cheantar?

Cén fáth nach mbeifeá páirteach i scéim ‘Glac Geadán ar Láimh’ Chomhairle Contae Fhine Gall? 

Seo mar a oibríonn sé:

Íoslódáil foirm iarratais anseo: - Cuir isteach foirm cheangailte

Roghnaíonn baill an phobail limistéar poiblí chun é a ghlanadh suas trí bhruscar a bhailiú, ceapacha bláthanna a chothabháil nó fiú ballaí a phéinteáil. Cuirfidh an Chomhairle tacaíocht ar fáil amhail veisteanna so-fheicthe, gléasanna um piocadh suas bruscar, lámhainní, málaí agus péint lasmuigh. Baileoimid na málaí bruscair i ndiaidh an ghlantacháin ach ar an drochuair ní féidir linn dramhaíl ghlas a bhailiú.

Oibríonn an scéim seo go han-mhaith i bhFine Gall, áit a nglacann grúpaí a leithéid agus stráicí den bhóthar, stráicí den trá, bainc buidéal agus áiteanna móra bruscair ar láimh chun iad a ghlanadh.

Tá an bruscar ar fad a bhaileofar le fágáil lena bhailiú ag boscaí bruscair Chomhairle Contae Fhine Gall atá ann cheana féin nó is féidir socruithe a dhéanamh le Rannóg Oibríochtaí Fhine Gall sa cheantar chun na málaí a bhailiú. Fág na málaí in áiteanna a bheidh le feiceáil go héasca ag fostaithe na Comhairle agus a mbeadh teacht orthu go héasca acu agus ná fág málaí i limistéir ghlasa oscailte fhairsinge.

Má tá glantachán mór eagraithe, déan cinnte teagmháil a dhéanamh le rannóg na nOibríochtaí i bhfad roimh ré chun iad a chur ar an eolas.

Is féidir málaí a bhailiú ar bhóithre poiblí agus ar eastáit glactha ar lámh amháin - i.e. ní féidir iad a bhailiú ar eastáit tithíochta phríobháideacha.

Mar seo a leanas atá na seoltaí ríomhphoist:

Binn Éadair-Mullach Íde [email protected]

Ceantar Bhaile Brigín-Shoird: [email protected]

Ceantar Chaisleán Cnucha-Mhullach Eadrad: [email protected]

 

fearas bruscair ar fáil ó ghrúpaí na mBailte Slachtmhara áitiúla nó d'fhéadfadh sé gur mhian leat clárú ar líne chun paiste a ghlacadh faoi do chúram, nó clárú ag ceann de na hionaid phobail a liostáiltear thíos.

 

Tá fearas pioctha bruscair ar fáil don scéim Paiste a Ghlacadh faoi do Chúram ag na suíomhanna seo thíos:

 

  1. Ionad Pobail Mhullach Eadrad, Bóthar an Teampaill, Baile an Bhosardaigh, Baile Átha Cliath 15, D15 R2VF, Teileafón: (01) 821 5120
  2. Ionad Pobail agus Óige Radharc an Chnocáin, Mulláin Lohunda, Cúil Mhín, Baile Átha Cliath 15,            (01) 821 8665
  3. Ionad Pobail & Fóillíochta Dhomhnach Bat Phort Reachrann, 3 Bóthar Phort Reachrann, Baile Eilís Thuaidh, Domhnach Bat, Co. Bhaile Átha Cliath, K36 FY26 Teileafón: (01) 843 4546
  4. Halla Pobail Bhaile Dúill, An Príomhshráid, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13, Teileafón: 087 230 1894
  5. Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh, Lána na Gráige, Baile Brigín, (01) 841 5070
  6. Príomhoifig Our Balbriggan, Cearnóg Sheoirse, Baile Brigín, ríomhphost: [email protected]

 

Is é 01 890 5000 príomhuimhir fháiltiú Chomhairle Contae Fhine Gall, Luan-Aoine 

  • Má tá péint ag teastáil uait lena húsáid i gceantar poiblí, cuireann Rannóg Timpeallachta Chomhairle Contae Fhine Gall péint athchúrsáilte ar fáil saor in aisce ó na hionaid athchúrsála, a ndéantar cóireáil ansin uirthi san Ionad Rediscovery. seol ríomhphost díreach chuig [email protected] chun soláthar péinte seachtraí athchúrsáilte saor in aisce a fháil do limistéir eastáit phobail. Déanfaidh siad í a sheachadadh chugat fiú!! 

Íoslódáil foirm iarratais anseo: - Cuir isteach foirm cheangailte

 

 Má bhíonn tú ag cur ábhair ar na meáin shóisialta, bain leas as haischlib na Comhairle #Communities4Environment agus is féidir an hanla @FingalCommunity a áireamh ar Twitter

 

Agus daoine i mbun oibre ar a dtionscnamh ‘Glac Geadán ar Láimh’, iarrtar orthu gnáthóga ar bith atá ann cheana féin, amhail eidhneán agus bláthanna fiáine, a choinneáil le haghaidh feithidí pailnithe.

Áirítear i measc na ngníomhaíochtaí tábhachtacha chuige sin: -

  1. Gan an féar a bhaint ró-mhinic
  2. Laghdú ar an méid spraeáil a dhéantar
  3. Bláthanna ar mhórán pailine a chur

 Is féidir eolas a fháil maidir le bláthanna ar mhórán pailine arna moladh ag an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta ar a suíomh gréasáin sa mhír acmhainní  www.pollinators.ie

Is féidir foirm chláraithe a íoslódáil anseo:  Foirm Chláraithe le haghaidh ‘Geadán a Ghlacadh ar Láimh’