Castleknock_College,_Main_School_Building.jpg

Caisleán Cnucha

Baile mór álainn le Páirc an Fhionnuisce ar leac an dorais 

Discover More

53.384198664146, -6.3300985975901

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Caisleán Cnucha

Tá Caisleán Cnucha díreach díreach taobh istigh de chuarbhóthar mhótarbhealach an M50 chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá bruachbhaile mór Bhaile Bhlainséir suite díreach siar uaidh. 23,199 duine a bhí ag cur fúthu sa cheantar de réir dhaonáireamh 2011.

Is caisleán atá ina fhothrach anois é Caisleán Chaisleán Cnucha a bhí i mbarr a réime le linn ré na Normannach. Ba é an ridire Normannach, Hugh Tyrell, a ceapadh mar an chéad Bharún ar Chaisleán Cnucha ina dhiaidh sin, a bhunaigh an caisleán.

Tá cuid de na traidisiúin agus de na háiseanna spóirt is fearr i bhFine Gall le fáil sa bhruachbhaile seo, lena n-áirítear an chúirt leadóige is mó in Éirinn, Club CLG Bhríde a imríonn i bPáirc an Dr. Tom Russell (Seanbhóthar na hUaimhe, Caisleán Cnucha), arb é ceann de na clubanna is mó sa tír é, Cumann Gailf Chaisleán Cnucha agus Bhaile Lotrail, agus Club Rugbaí Chúil Mhín.

Farmleigh House

Teach Farmleigh

Is é Farmleigh teach oifigiúil Stát na hÉireann le haghaidh aíonna. Ba cheann d’áiteanna cónaithe theaghlach Guinness a bhí ann tráth.  Tá sé suite ar thalamh ard os cionn na Life, siar ó thuaidh ó Pháirc an Fhionnuisce, i gCaisleán Cnucha. 

Is teach stairiúil atá ann a bhfuil bailiúcháin thábhachtacha á gcoimeád ann, dánlann, agus feirm oibre, agus tá Teach agus Eastát Farmleigh oscailte don phobal seacht lá in aghaidh na seachtaine.

House_in_Phoenix_Park.jpg

Tabhair aghaidh ar Pháirc an Fhionnuisce

Tá Caisleán Cnucha buailte ar theorainneacha na páirce poiblí iata is mó in aon phríomhchathair Eorpach.

Ba sa bhliain 1747 a osclaíodh an pháirc don phobal agus ba thalamh seilge ríoga a bhí ann an t-am sin, agus tá tréad mór fianna buí fós ann.

Is ann atá an Gairdín Ainmhithe lonnaithe, mar aon le háit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann, Áras an Uachtaráin, agus gairdín bláthanna Victeoiriach.

I measc na ngníomhaíochtaí ar féidir tabhairt fúthu tá siúl, rith, póló, cruicéad, iománaíocht, agus neart eile, agus is suite i dtimpeallacht ghleoite Ghleann an Aitinn atá Linn an Ghleanna.