Páirc an Fhionnuisce

Phoenix Park Path

Is í Páirc an Fhionnuisce an pháirc phoiblí iata is mó in aon phríomhchathair san Eoraip.

Bunaíodh í ar dtús mar Pháirc sheilge ríoga sna 1660idí agus osclaíodh don phobal í i 1747.

Tá tréad mór fianna buí fós le fáil inti sa lá atá inniu ann. Tá na Gairdíní Zó-eolaíochta, Áras an Uachtaráin, agus gairdíní blátha Victeoiriacha lonnaithe sa Pháirc freisin. Níl Páirc an Fhionnuisce ach míle go leith ó Shráid Uí Chonaill. Is féidir breathnú ar imeachtaí caitheamh aimsire fulangacha agus gníomhacha nó páirt a ghlacadh iontu, mar shampla siúlóid, rith, póló, cruicéad, iománaíocht agus go leor eile. Tá Linn an Ghleanna suite i dtimpeallachtaí ardscéimhe i nGleann an Aitinn. Tá go leor conairí siúlóide agus rothaíochta ar fáil don phobal.

Tá Páirc an Fhionnuisce ar oscailt 24 uair sa lá, 7 lá sa tseachtain, ó cheann ceann na bliana Tá príomhgheataí na Páirce ag Sráid Gheata na Páirce agus Geata Chaisleán Cnucha ar oscailt 24 uair an chloig. Tá geataí taoibh na Páirce ar oscailt ó thart ar 7rn go dtí thart ar 10.45in.