Seirbhísí Leabharlainne Fhine Gall le linn Leibhéal 5
Le linn Leibhéal 5 den Phlean Maireachtála le COVID-19, ní bheidh seirbhís teagmhála agus bailithe á feidhmiú a thuilleadh ag Leabharlanna Fhine Gall.
Mar is gnáth tá ár seirbhísí ar líne ar fáil do gach ball den leabharlann agus cuimsíonn siad ríomhleabhair, cúrsaí foghlama ar líne, ríomhirisí, foghlaim teanga, sruthú ceoil, nuachtáin agus bunachair sonraí tagartha. Tá siad seo ar fáil go héasca ag https://www.fingal.ie/council/service/fingal-library-eservices-and-eresources-online
Fiosraigh ár n-imeachtaí ar líne ar ár gcainéal YouTube ag https://www.youtube.com/channel/UC_6CWbONIz0-YxDP1aTnGiA/videos áit ar féidir leat teacht ar réimse leathan imeachtaí digiteacha lena n-áirítear Cainteanna Fhéile Staire Fhine Gall, amanta scéalaíochta ar líne, ceardlanna folláine agus scríbhneoireacht chruthaitheach do leanaí.
Leanfaimid orainn ag feidhmiú ár seirbhís seachadta do chocúnóirí, do dhaoine atá gafa sa teach, do sheirbhísí cónaithe agus do dhuine ar bith a bhfuil fadhbanna sláinte acu. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an seirbhís leabharlainne do chocúnóirí ag 8906719/ 8604290 nó trí ríomhphost ag [email protected]
Uimhreacha teileafóin Leabharlanna Brainse:
Baile Brigín 8704401
Baile Dúill 8906793
Baile Bhlainséir 8905560
Domhnach Bat 8905609
Baile Gháire 8355020
Binn Éadair 8905026
Mullach Íde 8704430
Soghluaiste 8906719
Gafa sa teach 8604290
An Ros 8708414
Na Sceirí 8905671
Sord 8905582