Forbairt Eacnamaíoch, Turasóireachta agus An Oifig Fiontair Áitiúil

Ionaid Fiontar agus Páirceanna Tionsclaíochta

Tá 3 ionad fiontar againn i bhFine Gall faoi láthair agus tá roinnt páirceanna tionsclaíochta forbartha againn go dtí leibhéil éagsúla críochnaithe.

Is iad sin Ionad Fiontar Dhraighneáin i Sord, Ionad Fiontraíochta BASE i Mullach Eadard agus Ionad Fiontar BEaT i mBaile Brigín. Tá aonaid tionsclaíocha agus oifige ag gach ceann de na hionaid fiontar agus soláthraítear roinnt seirbhísí mar chaighdeán. Más mian leat aon fhaisnéis faoi na hIonaid Fiontair thuas féach ar na sonraí teagmhála ábhartha thíos.

Tá ár bpáirceanna tionsclaíocha lonnaithe i mBaile Dama, Ceapach, Baile Stiofáin, Páirc Ghnó an Bhá, Tuirbe agus Páirc Ghnó agus Teicneolaíochta an Choláiste. Tá tailte fós ar fáil ag roinnt de na páirceanna tionsclaíocha seo faoi réir cead pleanála.  

Is iad seo Ionad Fiontar Dhraighneáin i Sord, Ionad Fiontar BASE i Mullach Eadrad agus Ionad Fiontar BEaT i mBaile Brigín. Tá aonaid oifige agus gnó ag gach ceann de na ionaid fiontar agus cuirtear roinnt seirbhísí ar fáil mar bhunsoláthar. Más mian leat aon eolas a fháil faoi na hIonaid Fiontar thuas féach na sonraí teagmhála ábhartha thíos le do thoil.

Seoladh: Páirc Fiontraíochta Sord, Bóthar Fhaoldroma, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath 
Teileafón: 8928000
Ríomhphost:  [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.drinanenterprisecentre.com

Seoladh: Bóthar Bhaile Damail, Mullach Eadrad, Co. Bhaile Átha Cliath 
Teileafón: 8203020
Ríomhphost:  [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.baseenterprisecentre.ie

Seoladh: Foirgneamh Robert Beggs, Eastát Tionsclaíochta Bhaile Stiofáin, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath 
Teileafón: 8020400
Ríomhphost:  [email protected]
Láithreán Gréasáin: www.beat.ie

Cuirimid seirbhís tarchurtha ar fáil freisin do gach gníomhaireacht tacaíochta fiontair i bhFine Gall a chuireann eolas ar fáil maidir le:

  • Gnó a thosú i bhFine Gall
  • Tacaíochtaí do ghnólachtaí atá ann cheana
  • Tacaíochtaí do chuardaitheoirí poist 
  • Infheistíocht i bhFine Gall

Tá eolas breise ar fáil freisin in ár dtairseach eolais ar líne www.fingalworks.ie, lena n-áirítear roghanna agus eolas do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ann cheana i réimsí mar phleananna gnó, meantóireacht, líonrú, staidéir fhéidearthachta, oiliúint, áitribh a aimsiú agus comhairle.

Tá ár bpáirceanna tionsclaíochta lonnaithe i mBaile Damail, Ceapach, Baile Stiofáin, Páirc Ghnó na Bá, Tuirbhe agus Páirc Theicneolaíochta agus Ghnó an Choláiste. Tá tailte fós ar fáil ag roinnt de na páirceanna tionsclaíochta seo faoi réir ag cead pleanála. 

Tá Crios Fiontraíochta cheantar Bhaile Átha Cliath 15 – Baile Bhlainséir, Mullach Eadrad, Baile Damail, Baile Cúlann agus Cherryhound –tar éis forbartha ar scála náisiúnta le fiche bliain anuas, á éascú ag infheistíocht phríobháideach agus phoiblí shuntasach. Tá 20 Páirc Ghnó sa cheantar faoi láthair agus is ann atá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d’infheistíocht leanúnach, do bhainistíocht agus do chur chun cinn Crios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath 15. Chun fís chorparáideach agus cur chuige comhordaithe d’fhorbairt todhchaí an Chreasa Fiontraíochta seo a fhorbairt chun tógáil ar a rathúlacht go dtí seo, choimisiúnaigh an Chomhairle straitéis Chomharthaíochta agus Brandála don cheantar a cuireadh ar taispeáint an Chéadaoin, 4 Feabhra 2015 i mBaile Cúlann agus bhí freastal maith air. 

 

Branding Proposal (2)

Sample Signage

Signage Zones

Signage Locations

Project Brief (circulated in October 2014)

Déan Teagmháil Linn

Teileafón: (01)8906200
Ríomhphost:  [email protected]