Pobal agus Spóirt

Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall

Forbairt Pobail

Local Community Development Committee

Tá Coiste Forbartha Pobail Áitiúil LCDL Fhine Gall freagrach as comhordúchán, pleanáil agus maoirseacht a dhéanamh ar thionscnaimh forbartha áitiúil, lena n-áirítear feidhmiú  Phlean Áitiúil Geilleagrach & Pobail (LECP). Tá réimse leathan ionadaíochta ag na 19 comhalta, ionadaithe ó ghnó, forbairt aitiúil,  oideachas, fiontraíocht, talmhaíocht, an earnáil dheonach agus baill údaráis aitiúil. 

 

Foráiltear in Acht Rialtais Áitiúil 2014 do bhunú LCDC.

Áirítear i measc fheidhmeanna reachtúla LCDC:

  • A bheith freagrach as cláir náisiúnta mhaoinithe ag leibhéal áitiúil. I gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) 2018-2022 soláthraítear maoiniú chun dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta trí rannpháirtíocht áitiúil agus comhpháirtíochtaí idir daoine faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí.
  • Gné LEADER de Chlár um Fhorbairt Tuaithe (2015-2020) a éascú chun tacú le tionscadail forbartha inbhuanaithe eacnamaíocha do phobail tuaithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí turasóireachta, agraibhia agus gníomhaíochtaí gnó eile.
  • Comhordú clár forbartha áitiúil agus pobail atá á maoiniú go poiblí a fheabhsú agus dúbailt a laghdú.
  • Gné ullmhúcháin agus cur chun feidhme agus athbhreithniú ar ghnéithe eacnamaíocha Phlean Áitiúil Eacnamaíoch & Pobail Fhine Gall.

Bunaíodh Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall (LRP) i ndiaidh achtú Acht Rialtais Áitiúil 2014.  Is comharghrúpaí iad LRPanna d’eagraíochtaí comhshaoil, cuimsithe sóisialta agus deonacha.    Ainmnítear ionadaithe agus glacann siad páirt in agus cuireann siad eolas ar fáil do struchtúir chinnteoireachta Údaráis Áitiúil, agus tá cúigear ainmnithe LRP ag Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall.   

Tá tuilleadh eolais maidir le Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall le fáil anseo

 

 

Plean Eacnamaíoch agus Pobail Fhine Gall (PEPFG)

Is é PEPFG, mar a foráiltear dó in Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014, na cuspóirí agus gníomhartha a leagan amach, do thréimhse sé bliana, a theastaíonn chun forbairt eacnamaíoch agus forbairt áitiúil agus pobail an ceantair ábhartha údaráis áitiúil a chur chun cinn agus tacú léi, é féin go díreach cuspóir agus i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara forbartha eacnamaíocha agus pobail eile.

Ghlac na Baill Tofa le Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail Fhine Gall 2016 - 2020 ar an 14 Nollaig 2015.

Cláir agus Miontuairiscí cruinnithe
Tuarascálacha Bliantúla agus Ríomhfheasacháin
Láithreoireachtaí agus Preaseisiúintí

Helen Johnston, National Economic and Social Council,  People and Places Weaving Together Policies for Social Inclusion in Ireland

‌Breffni O'Rourke, Fingal LCDC Chief Officer, Approaches & Challenges,  DECLG Regional Meeting July 2015

Fiona Moylette, Principal Officer, Rural Development Programme, DECLG, Ireland 2014-2020 LEADER: Local Development Strategy, July 2015

Dr. Seán Ó'Riordáin, Director Public Policy Advisors Network,  Reform Local Development, Community and Economic Development May 2014