Mulhuddart Village

Mullach Eadrad

Ceantar gnóthach atá ag fás i bhFine Gall thiar.

Discover More

53.402746131899, -6.3981326818296

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Mullach Eadrad

Is bruachbhaile de Chontae Fhine Gall é Mullach Eadra, atá suite gar do Bhaile Bhlainséir agus Caisleán Cnucha, agus tá daonra de 3,861 sa cheantar. Sráidbhaile ciúin gar don chathair ba ea é tráth den saol, ach anois is bruachbhaile gnóthach de Bhaile Átha Cliath é, ceantar ina bhfuil an daonra ag fás agus ina bhfuil ceann de na heastáit thionsclaíocha is mó i mBaile Átha Cliath lonnaithe, Ionad Fiontar BASE.

Suite in iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath, tá Mullach Eadrad suite sách gar do Lár na Cathrach agus d’Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir, Aerfort Bhaile Átha Cliath agus mótarbhealach an M50 san am céanna.

Church of Mary Mulhuddart

Séipéal Naomh Muire

Díreach suas ón gcnoc, croílár shráidbhaile Mhullach Eadrad tráth dá raibh, tá fothrach de sheanséipéal laistigh de reilig Mhullach Eadrad. Séipéal Naomh Muire a tugadh ar an séipéal. Bunaíodh Séipéal Naomh Muire sna meánaoiseanna agus bhí sé fós in úsáid ag deireadh an séú haois déag.   Ó thart ar an mbliain 1680, is fothrach atá ann agus tá dlúthnasc idir é agus ‘tobar beannaithe’ atá taobh leis, ionad cráifeachta réiligiúnach san áit ba ea é leis na céadta bliain anuas.

Ó bharr an chnoic taobh leis an séipéal, is féidir súil a chaitheamh ar fhairsinge Shléibhte Chill Mhantáin, tearmann deas in áit lán atmaisféir agus suaimhnis.

Tolka Valley Park

Téigh ag spaisteoireacht i bPáirc Réigiúnach Ghleann na Tulchann

Le fáil i measc an 300 acra sa pháirc seo, tá bogaigh, móinéir bláthanna fiáine, agus cosáin choillearnaí agus choisithe ar fud na háite. Lig do scíth ar feadh tamaill agus bain taitneamh as áilleacht nádúrtha an ghleanna.

Cé gur talamh féaraigh agus páirceanna imeartha atá le fáil sna réimsí uachtaracha, tá coillearnacha, páirceanna agus bogaigh dhroimneacha le fáil níos faide síos, rud is cúis le tírdhreacha agus gnáthóga nádúrtha éagsúla a bheith ar fáil do raon leathan fána. Tá saibhreas beatha phlandúil agus ainmhíoch le fáil i ngleann na habhann, tearmann bithéagsúlachta laistigh den chathair, mar aon le saibhreas de stair na háite.

Tá clárchosán ardaithe os comhair lár an bhaile, Baile Bhlainséir, droichead amhairc agus éagsúlacht de pháirceanna imeartha.