Tionscadal Uisce Fhine Gall

Bhunaigh Institiúid Inbhuanaitheachta Comhshaoil agus Sláinte (ESHI) d’Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (OT Bhaile Átha Cliath) agus Rannóg Seirbhísí Comhshaoil agus Uisce Chomhairle Contae Fhine Gall tionscnamh nua Taighde ar Uisce.  

Tacaíonn Tionscadal Uisce Fhine Gall le misean for-rochtana pobail, comhpháirtíochta agus nuálaíochta OT Bhaile Átha Cliath chun nasc a dhéanamh le agus tacú le húdaráis áitiúla, an tionscal áitiúil agus náisiúnta agus an tsochaí i dtiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall d’fheabhas a chur ar cháilíocht an uisce inár ndobharlaigh uisce dromchla. 

Beartaíonn an tionscnamh nua píolótach seo, ar a dtugtar Tionscadal Uisce Fhine Gall, chun meastóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as Bogaigh Chóireála ar Snámh (BCS) mar bhealach chun cáilíocht an uisce i sruthanna agus i linnte a rialú ar fud limistéar Chomhairle Contae Fhine Gall. 

Déanfar speiceas aonair planda a chur i ngach aonad Bogaigh ar Snámh atá dúchasach don linn agus/nó don gharchóngaracht.  Fad a bhíonn an fásra seo ag fás agus ag forbairt ar na haonaid bhogaigh ar snámh, beidh truailleáin agus substaintí eile ó uiscí na linne á n-ionsú aige.  Déanfar monatóireacht ar a éifeachtaí a dhéanann an fásra cothaitheach agus truailleán a ionsú i gcaitheamh tréimhse dhá bliain, ina ndéanfar tástáil rialta ar cháilíocht an uisce agus ina ndéanfar anailís ar fhíochán an phlanda.  Is éard a bheidh mar thoradh ar an staidéar píolótach seo ná go mbeidh tuiscint níos fearr ar cháilíocht an uisce agus ar éici-hidridinimic in uiscí dromchla Chomhairle Contae Fhine Gall. 

Cuirfidh an tionscadal seo feabhas ar eolas ar cháilíocht uisce pobail a bhainistiú agus rachaidh sé i ngleic le riachtanais dea-rialachais agus rialú cháilíocht an uisce.

Tá foireann taighdeoirí OT Bhaile Átha Cliath faoi stiúir ag an Dr Alan Gilmer, atá bunaithe san ESHI / an tIonad Taighde ar Nuálaíocht Uisce (OT Bhaile Átha Cliath) i gcomhoibriú leis an Ollamh John Cassidy, an Dr Eugene McGovern, an tUasal Ronan Hogan, an Dr Melinda Lyon, an Dr Vivienne Byers, agus mic léinn ESHI, an tUasal Stephen Barry agus an tUasal Vivien Pohl.