An Tionscadal ‘Talamh’

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis Oifig Chláir nua a bhunú chun a bheith ar thús cadhnaíochta sa tionscadal ‘Talamh’. Is é is aidhm leis an tionscadal ‘Talamh’ ná forbairt straitéiseach a dhéanamh ar chúlsoláthar móra talún ar fud Fhine Gall a bhfuil sé d’acmhainn acu breis agus 2,000 teach a sholáthar thar an 5-10 mbliana seo atá romhainn amach.

Táthar tar éis Oifig Chláir a bhunú chun a bheith i gceannas ar obair na Comhairle maidir le tograí tionscadail a anailísiú agus a mheasúnú agus an cur chuige is fearr ó thaobh na forbartha a roghnú.

Tá an Oifig sin freagrach as tionscadail um fhorbairt chónaitheach a sholáthar, a bhainistiú agus a thabhairt chun críche ar an talamh seo.

 

Tá an clár reatha um fhorbairt dírithe ar na cúlsoláthair seo a leanas:

 

  • Baile Mastún, Domhnach Bat 

Is leis an gComhairle c.35 heicteár de thalamh arna chriosú le haghaidh úsáide cónaithe i mBaile Mastún, idir Domhnach Bat agus Diméin Phort Reachrann.

Chun tuairisc chun dáta a fháil maidir leis an tioscadal seo, téigh chuig ár leathanach

Baile Mastún. 

  • Goirt an Teampaill, Mullach Eadrad

Is leis an gComhairle c.25 heicteár de thalamh arna chriosú le haghaidh úsáide cónaithe i nGoirt na dTeampaill atá lonnaithe idir Eastáit Radharc an Tobair agus Eastát Avondale agus Ascaill Damastown i mBaile Átha Cliath 15.

  • Cappagh Finn, Fionn Ghlas

Is leis an gComhairle c.8 heicteár de thalamh arna chriosú le haghaidh úsáide cónaithe i gCappagh Finn, atá lonnaithe idir sráidbhaile Fhionn Ghlas agus an M50.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifig an Chláir ar  [email protected]