Seirbhísí Corporáideach

Ceisteanna Coitianta maidir le Forfheidhmiú Pleanála

Tá breis eolais le fáil thíos

An Cód Caiteachais Poiblí

Tá sé de cheangal ar chomhlachtaí poiblí uile in Éirinn déileáil go cúramach le cistí poiblí, agus a chinntiú go bhfaightear an luach is fearr agus is féidir ar airgid nuair atá airgead poiblí á chaitheamh nó á infheistiú.

Is sraith rialacha agus nósanna imeachta é an Cód Caiteachais Poiblí atá i bhfeidhm lena chinntiú go gcloítear leis na caighdeáin sin ar fud na seirbhíse poiblí in Éirinn. Leis an gCód seo, tarraingítear le chéile in aon áit amháin gnéithe ar fad an chreata luach ar airgid atá tar éis a bheith i bhfeidhm go dtí seo, agus é nuashonraithe agus athchóirithe ar roinnt bealaí. Déantar an Cód a chothabháil ar an suíomh gréasán seo, faoi bhainistiú an Lár-Aonaid Measúnaithe Caiteachais de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, mar acmhainn le haghaidh na seirbhíse poiblí ar fad in Éirinn. I mí Mheán Fómhair 2013, tugadh fógra foirmiúil i gciorclán do Ranna agus Oifigí go raibh éifeacht leis an gCód Caiteachais Poiblí.

An Cód Caiteachais Poiblí – Tuarascáil maidir le Dearbhú Cáilíochta

Éilítear faoin bpróiseas um Dhearbhú Cáilíochta go ndéanann an Chomhairle Tuarascáil  maidir le Dearbhú Cáilíochta a chur i gcrích ar bhonn bliantúil.  Is measúnú í an Tuarascáil maidir le Dearbhú Cáilíochta ar chomhlíonadh na Comhairle leis an gCód Caiteachais Poiblí.  Is féidir teacht ar chóipeanna de na Tuarascálacha maidir le Dearbhú Cáilíochta trí na naisc anseo thíos.

Public Spending Code Compliance - Quality Assurance Report 2014 

Public Spending Code Compliance - Quality Assurance Report 2015

Public Spending Code Compliance - Quality Assurance Report 2016‌‌‌

Public Spending Code - Quality Assurance Report 2017

Public Spending Code - Quality Assurance Report 2018

Public Spending Code Compliance - Quality Assurance Report 2019

Public Spending Code Compliance - Quality Assurance Report 2020

Soláthairtí os cionn €10 milliún

Foilseofar anseo i gcomhréir le ceanglais an Chóid Caiteachais Poiblí soláthairtí uile i gComhairle Contae Fhine Gall atá os cionn €10 milliún.

2014 - ní raibh aon soláthar os cionn €10 milliún i gceist le Comhairle Contae Fhine Gall.

2015 - ní raibh aon soláthar os cionn €10 milliún i gceist le Comhairle Contae Fhine Gall.

2016 - ní raibh aon soláthar os cionn €10 milliún i gceist le Comhairle Contae Fhine Gall.

2017 - ní raibh aon soláthar os cionn €10 milliún i gceist le Comhairle Contae Fhine Gall. 

2018 - ní raibh aon soláthar os cionn €10 milliún i gceist le Comhairle Contae Fhine Gall.