Loughshinny Scene 5

10 Rud le déanamh i bhFine Gall

Discover More

Tá meascán éagsúil tírdhreacha i bhFine Gall agus tá gnéithe tuaithe, uirbeacha, cósta agus bruachbhailte ann.

Suite ó thuaidh ó chathair Bhaile Átha Cliath, tá sráidbhailte beoga, sráidbhailte cois farraige gleoite le tránna gainimh thar timpeall agus 88 ciliméadar de chósta, chomh maith le bailte uirbeacha bríomhara agus cuireann siad go léir cóiríocht shármhaith, bialanna breátha agus tithe tábhairne cairdiúla ar fáil. Tá 2,000 heicteár d’fhearann páirce agus spás oscailte ann chomh maith le go leor réadmhaoin oidhreachta iontacha

Tugann an éagsúlacht seo neart roghanna do theaghlaigh taitneamh a bhaint as laethanta fada leisciúla don saoire bhainc i Lúnasa.

Seo a leanas 10 moladh de na gníomhaíochtaí atá le déanamh.

 

Beach hero Portmarnock

1: Tránna Fhine Gall

Tá 88 km de chósta ag Fine Gall a théann ó Chill Fhionntain go Baile Brigín. Cuir leis sin trí inbhir chosanta, gnáthóga riasc goirt agus 13 thrá mhóra, agus tá rogha dhóthanach á thabhairt do theaghlaigh do lá a d’fhéadfaí a chaitheamh ag siúl, ag spraoi agus ag taiscéaladh.

Howth Cliff Walk v

2: Cnocadóireacht

Chomh maith leis an iliomad tránna inrochtana, tá cuid de na siúlóidí cnoic agus aillte is fearr i mórcheantar Bhaile Átha Cliath le fáil ar chósta Fhine Gall

Cycling

3: Rothaíocht

Maidir leis an teaghlach a mheasann siúl beagáinín ró leamh, cuireann Fine Gall raon roghanna rothaíochta ar fáil a chuimsíonn féarbhealaí agus bóithre, ó leibhéal na farraige go barr cnoic.

Ardgillan Castle Bench

4: Caisleáin

Is cinnte go mbeadh caisleán ag céim éigin de rudaí a dhéanamh i bhFine Gall. Tá cuid de na samplaí is fearr de chaisleáin Éireannacha agus tithe móra stairiúla i bhFine Gall, iad athchóirithe agus oscailte ionas go bhféadfaidh an teaghlach taitneamh a bhaint astu.

Swords Pavilions Interior

5: Siopadóireacht

B’fhéidir nach é an tsiopadóireacht an chéad smaoineamh a thagann chun cuimhne nuair a bhíonn lá saoire bainc á mheas agat, ach d’fhéadfadh go n-athrófaí d’intinn leis an raon éagsúil atá á thairiscint ar fud Fhine Gall. 

Skerries Wine and Dine Hero

6: Spóirt Uisce

Is áit iontach é cósta Fhine Gall do theaghlaigh triail a bhaint as spóirt uisce. Chomh maith leis na láithreacha cois farraige, soláthraíonn na hinbhir intíre deiseanna chun triail a bhaint as rud éigin difriúil go slán sábháilte.

Swords Castle

7: Stair agus Oidhreacht

Cé go bhfuil sé réasúnta nua mar chontae, tá go leor suíomhanna stairiúla agus oidhreachta éagsúla i bhFine Gall.  Tá go leor roghanna i bhFine Gall don teaghlach atá ag iarraidh stair na hÉireann a iniúchadh. 

Newbridge House 9

8: Cuairt Feirme

Tá cuid den talamh talmhaíochta is fearr in Éirinn i bhFine Gall le go leor glasraí agus arbhair a tháirgeadh sa cheantar.

Casino Model Railway Museum 5

9: Músaem Casino um Mhionsamhail Iarnróid Fry

Is féidir le díograiseoirí iarnróid mionsamhla lá a chaitheamh ag iniúchadh an chéad mhúsaem iarnróid mionsamhla in Éirinn

Liffey at St Catherine's

10: Cuairt ar cheantair Bhaile Bhlainséir / Caisleán Cnucha

Tá trí uiscebhealach i gceantar Bhaile Bhlainséir / Caisleán Cnucha, an Tulcha, an Chanáil Ríoga agus an Life, atá suite go hálainn idir cnoic ghéara faoi chrann timpeall na Ceapóga Sú Talún cáiliúla agus Páirc San Caitríona.