Garristown Scene

Baile Gháire

Sráidbhaile le radharcanna lánléargais

Discover More

53.567368117113, -6.3832487770608

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Baile Gháire

Is suite sna cnoic i dTuaisceart Fhine Gall atá sráidbhaile gleoite Bhaile Gháire, 18 ciliméadar ó thuaidh de Shord.

Is spota iontach é más spéis leat grianghrafadóireacht tírdhreacha, áit a bhfuil radhairc den scoth le fáil ó na hardchríocha ar Bheanna Boirche sa tuaisceart agus ar Shléibhte Chill Mhantáin sa deisceart.

I measc na n-áiseanna atá san áit tá bunscoil, ionaid pobail, teach tábhairne agus ollmhargadh, agus tá clubtheach nua sa chlub CLG áitiúil, giomnáisiam beag, agus páirc a forbraíodh le déanaí atá chomh maith le haon pháirce eile i gceantar Bhaile Átha Cliath.

Garristown Scene

Ag siúl taobh leis an Seanmhuileann Gaoithe

Gné shuntasach atá le feiceáil i gceantar Bhaile Gháire é bun muileann gaoithe a tógadh in 1736, a bhfuil fothrach dún cnoic ársa mórthimpeall air.

Is fianaise é an dún cnoic mórthimpeall an mhuilinn gaoithe go bhfuil cáil ar shuíomh fabhrach Bhaile Gháire ar feadh roinnt mhaith ama.

Eascraíonn ainm an dúin ó bhanphrionsa miotaseolaíoch a bhí ina cónaí ar chnoc Bhaile Gháire mar go bhfuil na trí háit ba thábhachtaí in Éirinn ag an am, Brú na Bóinne, Ceann Bhinn Éadair agus Cnoc na Teamhrach, le feiceáil ón áit.

Pudden Hill

Eachtraíocht go leor ag Puddenhill

Más spéis leat ionad lán gníomhaíochtaí oiriúnach don teaghlach ar fad, ní gá breathnú níos faide ná Puddenhill.

Is féidir leo siúd ar spéis leo an eachtraíocht, tamall a chaitheamh ag rásaíocht chairtíní, ag caitheamh millíní péinte, agus i mbun boghdóireachta faoi dhíon.

Freastalaítear ar pháistí óga san ionad spraoi agus san fheirm ainmhithe, agus freastalaítear ar dhaoine fásta agus ar theaghlaigh i mbialann The Fort agus sa bheár spóirt.

Tá seomra mór ócáidí ag Puddenhill atá ag baint lántairbhe as na radhairc ghleoite atá i gceantar Bhaile Gháire.