Deontais Atosaithe i bhFine Gall thar an marc €5 milliún

Tá íocaíochtaí Deontais Atosaithe do ghnóanna Fhine Gall ó Chomhairle Contae Fhine Gall tar éis an €5 milliún a shárú le 982 gnóanna faomhaithe le haghaidh deontas idir €2,000 go €10,000.

Restart Grant Cottage Coffee Swords

Tá an Deontas Atosaithe mar chuid de thiomantas na Comhairle chun tacú leis an eacnamaíocht áitiúil agus cuidiú le gnóanna atá ag iarraidh teacht slán ón dtréimhse dheachair COVID-19.

D’oibrigh Roinn Fiontar Eacnamaíochta agus Turasóireachta go dlúth le Cumainn Thráchtála áitiúla agus gníomhaireachtaí náisiúnta ó thús na géarchéime COVID-19 go luath i mí an Mhárta chun cúnamh a raibh géarghá leis a sholáthar do ghnóanna agus le déanaí sheol sí mórthionscnamh tacaíochta eile, Cairt Fhine Gall Le Chéile.

Ó cuireadh tús leis an Scéim Deontas Atosaithe ar Bealtaine 22, tá maoiniú dár luach níos mó ná €5 milliún bronnta ar 982 micrea-ghnó agus gnóanna beaga áitiúla. Is é cuspóir na Scéime ná cabhrú le gnóanna áitiúla leis na costais a bhaineann le fanacht oscailte nó le hathoscailt agus oibrithe a athfhostú tar éis COVID-19.

Tá 1,547 gnóanna san iomlán tar éis iarratais ar líne a chríochnú faoin Scéim cheana féin agus tá foireann na Comhairle ag leanúint ar aghaidh ag glacadh le, ag bailíochtú ag próiseáil agus ag ceadú iarratais.

Is é an 31 Lúnasa an dáta deiridh don scéim agus spreagtar gnóanna i bhFine Gall a chomhlíonann na critéir iarratas a dhéanamh ar dheontas. Is féidir iarratais a chur isteach ar https://submit.link/E5RPF agus tá sonraí na scéime ar fáil freisin ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall, www.fingal.ie/business. Beidh an Deontas comhionann le bille rátáí an ghnó i 2019, le híocaíocht íosta de €2,000 agus uasíocaíocht de €10,000.

Dúirt Leas-Mhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Robert O’Donoghue: “Tá an Deontas Atosaithe tar éis cabhrú le go leor gnóanna beaga ar fud Fhine Gall dul i mbun oibre ag am atá deacair agus dúshlánach. Tá fostaithe i go leor gnóanna beaga ar fud Fhine Gall ar ais ag obair anois a bhuíoch leis an Deontas Atosaithe.”

Dúirt an Comhairleoir Tony Murphy, Cathaoirleach an Choiste um Beartas Straitéiseach um Fhiontraíocht Eacnamaíoch agus Turasóireacht: “Teastaíonn gach tacaíocht is féidir ó ghnóanna Fhine Gall agus iad ag obair chun a ngnóanna a atosú agus ag leanúint ar aghaidh ag atógáil eacnamaíocht áitiúil Fhine Gall. Is ábhar mór misnigh é go bhfuil an oiread sin gnóanna tar éis leas a bhaint as an scéim cheana féin agus léiríonn sé dúthracht ár bhfiontraithe go n-éireoidh leo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Táim an-sásta go bhfuil an oiread sin dár ngnóanna tar éis athoscailt agus gur chuidigh an Deontas Atosaithe leo é sin a dhéanamh. Tá an próiseas iarratais simplí, agus íoctar cistí go gasta. Ba cheart do gach gnó a d’fhulaing caillteanas i dtrádáil nó a dhún a n-incháilitheacht a sheiceáil agus iarratas a dhéanamh.”

Dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta Eacnamaíochta agus Forbartha Turasóireachta, Emer O’Gorman: “Tá an Deontas Atosaithe deartha chun an brú ar ghnóanna a mhaolú agus féachann ár bpobal gnó air mar thionscnamh an-dearfach. Molaim d’aon ghnó nach ndearna iarratas ar an deontas go fóill déanamh amhlaidh roimh an dáta deiridh ar 31 Lúnasa.”

D’fhonn leas a bhaint as an Deontas Atosaithe:  

  1. Caithfidh láimhdeachas níos lú ná €5 milliún a bheith ag gnó agus 50 fostaí nó níos lú a bheith aige.
  2. Caithfidh caillteanas réamh-mheasta 25%+ in ioncam a bheith ag an ngnó ó 1 Aibreán 2020 go 30ú Meitheamh 2020.  
  3. Caithfidh an gnó gealltanas a thabhairt fanacht oscailte nó athoscailt má dúnadh é. Ní mór don ghnó a dhearbhú fresin go bhfuil sé ar intinn aige fostaithe atá ag baint leasa as an Scéim Fóirdheontais Pá Sealadaigh (TWSS) a choimeád.
  4. Ba cheart do ghnóanna doiciméadúchán tacaíochta a choimeád mar is féidir spotseiceálacha a dhéanamh chun  dearbhú chuige seo a fhíorú.

Is ranníocaíocht é an deontas i dtreo an chostais a bhaineann le gnó a athoscailt nó a choimeád ag feidhmiú agus ag athnascadh le fostaithe agus le custaiméirí. Is féidir an deontas a úsáid chun costais sheasta leanúnacha a íoc, m.sh. fóntais, árachas, athchóiriú nó bearta chun sábháilteacht na bhfostaithe agus na gcustaiméirí a chinntiú.

Tá an tacaíocht deontais dhíreach seo mar chuid de phacáiste níos leithne de €12 billiún de thacaíochtaí Rialtais do ghnóanna de gach méid, a chuimsíonn deontais, iasachtaí ar chostas íseal, rátaí tráchtála díscríofa agus dliteanais chánach iarchurtha, agus cabhróidh gach ceann acu le sreabhadh airgid a fheabhsú i measc fhiontair bheaga.

Restart Grant Cottage Coffee Swords 3