Aerfort Bhaile Átha Cliath

Príomhaerfort idirnáisiúnta na hÉireann is ea Aerfort Bhaile Átha Cliath atá lonnaithe go díreach ar an taobh ó dheas de Shord.

Cuireann sé nascacht dhomhanda ar fáil, agus tá os cionn 180 ceann scríbe díreach ar fáil le seirbhísí ó 34 aerlíne.

Is scothláthair é chun imeacht leat go dtí áiteanna ar fud an domhain, ach is scothláthair foirfe é chun an bóthar a bhualadh agus cinn scríbe ar fud na hÉireann agus ar fud Fhine Gall a bhaint amach.

Ag Taisteal go dtí agus ó Aerfort Bhaile Átha Cliath

 

Cuireann Bus Átha Cliath go leor bealaí ar fáil ar fud Bhaile Átha Cliath, an 16 go dtí Baile an tSaoir, an 41 go dtí Sráid na Mainistreach Íochtarach agus an 102 go dtí Stáisiún Chill Fhionntain san áireamh.

Cuireann Airlink Express seirbhís ar fáil go dtí lár na cathrach, stáisiún traenach Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile san áireamh, áit a bhfuil go leor leor nasc leis an ngréasán traenach Iarnród Éireann agus DART.

Cuireann Aircoach seirbhísí ar fáil ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí lár na cathrach agus Deisceart Bhaile Átha Cliath 24 uair sa lá. Stopann a sheirbhís lár na cathrach ag an gcuid is mó de na hóstáin mhóra i mBaile Átha Cliath ag príomhláithreacha ar fud Bhaile Átha Cliath Oibríonn Airport Hopper busanna tointeálaí gach uair ó Aerfort Bhaile Áth Cliath go dtí Maigh Nuad agus Tamhlacht a fhreastalaíonn ar - Léim an Bhradáin, Gleann na Life, Leamhcán, Cluain Dolcáin agus na hóstáin ar fad sna ceantair ar an mbealach

Oibríonn Cityscape atá á rith ag Dublin Coach, 42 seirbhís dhíreach gach lá idir Aerfort Bhaile Átha Cliath, Luas na Bó Deirge agus baile Dhún Droma.

Chomh maith leis sin oibríonn Go Bus seirbhísí go dtí Gaillimh agus Corcaigh.

 

 

 

 

"Fágfar paisinéirí a thagann i dtacsaí  sa réamhchúirt go díreach taobh amuigh de Theirminéal 1 nó Teirminéal 2. Tá tacsaithe ar fáil ó na réamhchúirteanna go díreach taobh amuigh de Theirminéal 1 agus Teirminéal 2. Ba cheart do phaisinéirí comharthaí Tacsaí go dtí na hionaid tacsaithe ainmnithe. Tá riarthóir tacsaí ar fáil ag an dá ionad tacsaithe má tá tuilleadh eolais nó tacaíocht de dhíth orthu."

Le haghaidh eolais maidir le paisinéirí a Fhágáil agus a Phiocadh Suas ar an mBóthar.

De réir Ceantair

Cuireann Aerfort Bhaile Átha Cliath teacht éasca ar cheantair cosúil le:
 

Tá sé an-éasca teacht a fháil ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Is éasca taisteal go dtí cinn scríbe ó thuaidh:

Is féidir teacht ar chinn scríbe ó dheas: