Beartas Príobháideachais

Príobháideachas

Urramaíonn Comhairle Contae Fhine Gall go hiomlán do cheart chun príobháideachta. Ní bhaileoidh an Chomhairle eolas pearsanta fút ar a láithreán gréasáin gan chead soiléir a fháil uait. Déileálfar le haon eolas a chuireann tú faoi bhráid trí láithreáin ghréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, go docht de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Is é láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall ná www.fingal.ie. Leagtar amach sa ráiteas seo ár bpolasaí príobháideachais maidir leis na láithreáin seo. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachta láithreáin ghréasáin nasctha eile. Coimeádann an Chomhairle an ceart scóip an ráitis phríobháideachais a leasú ag am ar bith agus d’fhéadfadh láithreáin eile a bheith san áireamh nó gan a bheith.

Eolas Pearsanta

Ní bhaileoidh Comhairle Contae Fhine Gall aon eolas pearsanta fút ar a láithreán gréasáin, seachas eolas a chuirtear faoi bhráid trí fhóraim ghréasáin, nó eolas deonach trí ríomhphost. Ní chuirtear aon eolas a sholáthraítear ar an mbealach seo ar fáil d’aon triú páirtí, agus ní úsáideann Comhairle Contae Fhine Gall é ach amháin chun na críocha dá soláthraítear é.

Déantar sonraí teicniúla de do chuairt ar láithreáin ghréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall, lena n-áirítear seoltaí IP, sonraí brabhsálaí agus téarmaí cuardaigh gréasáin, a thaifeadadh. Ní bhainfear úsáid as an eolas seo ach chun críocha staidrimh agus bainistíochta láithreáin. Ní úsáideann láithreáin ghréasáin de chuid na Comhairle rabhcháin ghréasáin.

Fianáin

Cuireann an láithreán gréasáin seo comhaid bheaga (ar a dtugtar ‘fianáin’) ar do ríomhaire chun eolas a bhailiú faoi chonas a dhéanann tú brabhsáil ar an láithreán. Faigh amach níos mó faoi na fianáin a úsáidimid.

Má tá tuilleadh ceisteanna agat, seol ríomhphost le do thoil chuig:  [email protected]

Gluais

Brabhsálaí Gréasáin – Bogearraí a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Is samplaí iad Microsoft Internet Explorer, Google Chrome, Firefox, Safari nó Opera.

Seoladh IP – Sonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), arna sloinneadh i gcód "prótacal idirlín". Tá seoladh uathúil IP ag gach ríomhaire atá nasctha leis an ngréasán, cé nach bhféadfadh an seoladh a bheith mar an gcéanna gach uair a dhéantar ceangal.

Fianáin – Is éard is fianán ann na bloc sonraí a chuireann freastalaí gréasáin ar ríomhaire úsáideora. Go hiondúil, úsaidear é chun nascleanúint a éascú ar fud an láithreáin. Is bealach úsáideach é, áfach, don láithreán gréasáin chun úsáideoir a aithint, cosán an úsáideora tríd an láithreán a rianú, agus  cuairteanna athuair ar an láithreán a aithint ag an úsáideoir céanna (nó meaisín an úsáideora chéanna). Féadann sé seo a bheith ina chúis le húinéir láithreán gréasáin próifíliú a dhéanamh ar nósanna brabhsála úsáideora aonair agus d’fhéadfaí é seo go léir a dhéanamh gan eolas nó toiliú an úsáideora. 

Rabhcháin Ghréasáin – Tagraítear dó freisin mar fhabht Gréasán nó mar chlib picteilín. Is grafach trédhearcach beag é an rabhchán de ghnáth, picteilín amháin i méid, a d’fhéadfadh a bheith suite ar leathanach gréasáin nó i ríomhphost. De ghnáth socraítear an picteilín trédhearcach chun íomhá a lódáil ó shuíomh difriúil ar an ngréasán agus d’fhéadfadh sé eolas úsáideora a chur ar an bhfreastalaí gréasáin, ar nós an seoladh IP, fad na cuairte agus an cineál brabhsálaí. Trí fhianáin an bhrabhsálaí a mhúchadh, cuirfear cosc ar rabhcháin Gréasáin gníomhaíocht an úsáideora a rianú.