Leabharlanna

Glac ballraíocht sa Leabharlann

Más rud é gur shíl tú nach raibh le fáil sa leabharlann ach amháin leabhair, tá dul amú ort.

Mar chuid de thionscnamh nua um Chuibhreannas na Leabharlann Náisiúnta beifeá in ann do chárta leabharlainne a úsáid in aon leabharlann bhrainse i bPoblacht na hÉireann. Is féidir 12 mhír san iomlán, ar an uasmhéid, a fháil ar iasacht.

Conas ballraíocht sa Leabharlann a ghlacadh. Is féidir ballraíocht a ghlacadh ar líne anois 

Glac ballraíocht sa Leabharlann anseo

Anuas air sin, is féidir ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann i do cheantar féin. Tabhair aitheantas fótagrafach bailí leat, le do thoil, chomh maith le cruthúnas ar sheoladh baile.

Tá ballraíocht ar fáil do gach aon duine saor in aisce.  Más idir 15 agus 17 thú, ní mór do do thuismitheoir/caomhnóir a ainm a chur le d’fhoirm iarratais. Más idir 12 agus 14 atá tú, ní mór do do thuismitheoir/chaomhnóir a bheith in éineacht leat nuair a chuireann tú d’ainm le d’fhoirm iarratais.

Más rud é gur shíl tú nach raibh le fáil sa leabharlann ach amháin leabhair, tá dul amú ort. San fhíseán seo, léirítear duit na rudaí iontacha go léir gur féidir leat déanamh sa leabharlann i do cheantar féin i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

An bhfuil a fhios agat gur féidir leat ríomhleabhar a íoslódáil, físchluiche a imirt nó DVD a fháil ar iasacht sa leabharlann i do cheantar féin, i dteannta duit a bheith in ann do scíth a ligean nó staidéar a dhéanamh ann? Anuas air sin, tá a lán imeachtaí iontacha á dtionól againn gach uile sheachtain - ó Chlubanna Scannán go dtí Ceardlanna Coder Dojo.

Tabhair cuairt orainn ar líne nó buail isteach sa bhrainse is áitiúla duit chun teacht ar thuilleadh eolais.