Naul Village

An Aill

Áit chónaithe Séamus Ennis agus mairfidh a oidhreacht ann go ceann i bhfad tríd an mbéim atá á leagan ar chúrsaí ealaíon agus cultúir

Discover More

53.586156894648, -6.2902677803283

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí An Aill

Is sráidbhaile beag é An Aill ar an taobh ó thuaidh d'Fhine Gall.

Is í An Ailbhine, atá ar an taobh thuaidh den sráidbhaile, an teorainn le Contae na Mí.

Ag áit amháin, tá aill 20 méadar ar airde le taobh na hAilbhine, agus tá eas beag nádúrtha ann.

Tá an tIonad Ealaíon Shéamus Ennis lonnaithe san Aill.

Tháinig an smaoineamh chun ionad cultúir bunaithe ar ghaiscí Shéamuis Ennis, ar cheoltóir traidisiúnta, béaloideasóir agus bailitheoir ceoil é, as Scoil Shéamuis Ennis, ar fhéile é sin a bhí ar siúl gach Deireadh Fómhair san Aill.

Seamus Ennis Centre

Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Cuireann an t-ionad cultúir seo na healaíona traidisiúnta chun cinn agus forbraíonn sé iad trí cheadail, seisiúin cheoil, ceardlanna agus ranganna rialta a eagrú agus a óstáil.

Déan fiosrú ar chruthaitheacht bhríomhar thraidisiúnta na hÉireann i mbaile dúchais duine de laochra ealaíonta na tíre.

Four Knocks

Tuama Pasáiste na bhFuarchnoc

Tá tuama meigiliteach na bhFuarchnoc suite ar imeall thuaidh na hAille.

Níl sé ach deich míle ar shiúl ón tuama pasáiste is cáiliúla in Éirinn, Sí an Bhrú. Téann an suíomh siar go 1800 RCh agus tá go leor de na gnéithe de thuamaí Ghleann na Bóinne ann.