Comhoibríonn Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe le hIonad Ealaíon Séamus Ennis chun SEAC Beo a shruthú.

Tá SEAC Beo ar cheann de na chéad chéimeanna d’athoscailt Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe agus beidh ealaíontóirí ann a chuimsíonn Muireann Ni Amhlaoibh agus NoCrows lena n-áirítear Steve Wickham ó The Waterboys.

Sraith sruthanna ceoil beo de cheol tíre, traidisiúnta agus comhaimseartha na hÉireann isea SEAC Beo a chuireann Ionad Ealaíon Séamus Ennis i láthair le tacaíocht ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus Ealaíona Fhine Gall. Déanfar iad a shruthú ó Stúideo 1 ag Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe a bhfuil clú agus cáil air i gCeantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath.  

Is féidir breathnú ar na sruthanna seo ar theilifíseáin chliste nó ar ghléasanna soghluaiste agus beidh siad idirghníomhach: is féidir le lucht leanúna comhrá a bheith acu le ceoltóirí, iarratais a chur isteach agus suíochán chun tosaigh a bheith acu le haghaidh saroíche ceoil agus siamsaíochta. Is féidir le baill den lucht féachana clárú le páirt a ghlacadh trí Zoom agus teilgfear iad ar bhallaí an stiúideo le linn an taispeántais. D’fhéadfadh go mbeadh roinnt aíonna speisialta ag bualadh isteach freisin.

 

Tá ticéid ar fáil ó www.tseac.ie/events

Is é an clár go dtí seo ná:

Satharn, 11ú Iúil 8:30in (GMT+1) i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach, Sligeach

NoCrows

https://nocrows.net

 

Satharn, 25ú Iúil @ 8:20in(GMT+1)

Muireann Nic Amhlaoibh le Gerry O’Beirne & Donal O’Conor

https://www.muireann.ie

 

Is féidir le lucht féachana tiúnáil isteach ar SEAC Beo ó gach cearn den domhan chun féachaint ar na ceoltóirí iontacha seo. Tabharfaidh siad cultúr dochreidte ceoil na hÉireann go tithe ar fud an domhain agus tarraingeoidh siad suim ag leibhéal idirnáisiúnta chuig diaspóra na hÉireann agus chuig na hÉireannaigh thar lear a shantaíonn a gcultúr agus a n-oidhreacht Éireannach.

Is iondúil go mbíonn sraith bhliantúil ‘Garden Party’ Samhraidh ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis leis an gcuid is fearr d’ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta ag tabhairt faoi stáitse cruinneacháin an láthair phearsanta i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Mar gheall ar shrianta COVID-19 ar chamchuairteanna, tá ealaíontóirí scartha óna lucht féachana. Mar fhreagra ar an bpaindéim, tá an tIonad ag tabhairt ceoil go lucht féachana nua trí mheascán de shruthú gréasáin ar ardchaighdeán agus rannpháirtíocht an luchta fhéachana a chur leis trí Zoom. Is aoibhinn le healaíontóirí ceangal a dhéanamh lena lucht leanúna agus tabharfaidh an beoshruth ardchaighdeáin seo an deis dóibh chun an ceangal sin a dhéanamh arís. Tabharfaidh an tsraith nua seo de thaispeántais cheoil idirghníomhacha eispéireas saibhir ceoil do lucht leanúna ceoil agus tabharfaidh sé ioncam do cheoltóirí dá gcuid oibre.

Tá an tsraith seo urraithe ag agus ag fáil tacaíochta ó Chomhairle Contae Fhine Gall, Oifig Ealaíon Fhine Gall agus go leor eagraíochtaí eile ar nós:

  • Ionad Ealaíon Séamus Ennis
  • An Chomhairle Ealaíona  
  • Failte Éireann
  • Comhpháirtíocht Leader Fhine Gall
  • Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe
  • Amharclann na Mainistreach  

Labhair Steve Wickham ó NoCrows faoin ócáid atá le teacht: "Tá áthas an domhain ar NoCrows a bheith mar chuid den ócáid beoshrutha seo don SEAC. Tá seinnt do lucht féachana beo mar dhlúthchuid dár ngairm agus táimid ullamh chun ceol beo a sheinnt arís. Bhíomar coinnithe amach ó léirithe stáitse ón Dianghlasáil. Tar éis don áit a bheith ina thalamh naofa do líon mór taifead thar na blianta, tá go leor draíochta ag baint le stiúideonna Lána an Mhuilinn Ghaoithe fresin, agus tá súil againn go mbeidh sé sin le feiceáil. Tá NoCrows ag ceilúradh 15 mbliana le chéile agus mar sin beimid ag seinnt port agus amhrán ónár n-albaim agus roinnt port nua a scríobhadh le linn ciúnas na dianghlasála.

Dúirt Naomi Moore, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe, “Tá fíoráthas orainn na seisiúin srutha SEAC Beo a óstáil, ag tacú le hardán malartach d’ealaíontóirí i mbun gigeanna. Is é an rud a chuireann an-áthas orm faoin tionscadal ná an tslí ina bhfuil an lucht féachana á thabhairt isteach sa láthair trí Zoom. A bheith ábalta bheith i dteannta cúpla cara agus cúpla deoch a ól agus damhsa a bheith againn agus a bheith in ann idirghníomhú leis na ceoltóirí – is é seo an rud is congaraí le dul go gig cheart a bheidh againn go ceann tamaill. Déanfaidh sé ceilúradh freisin ar athoscailt Cuairteoirí Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe, a bhí díreach seolta againn roimh an dianghlasáil. Tá sé go hiontach ár ndoirse cáiliúla a bheith oscailte don phobal arís.’’

Dúirt Liz Halpin, Ceann Bhaile Átha Cliath ag Fáilte Éireann: “Le míonna beaga anuas, léirigh suíomhanna turasóireachta agus ionaid chultúrtha ó cheann ceann na tíre gur féidir leo fíornasc a choinneáil lena lucht féachana ar go leor bealaí nuálacha. Cabhróidh an tsraith nua beoshrutha seo ó Stiúideonna Taifeadta Lána an Mhuilinn Ghaoithe ina mbeidh cuid de na healaíontóirí is cáiliúla in Éirinn leis an nasc sin a choinneáil agus meabhrúchán fáilteach agus siamsúil d’oidhreacht cheoil na hÉireann a thabhairt do chuairteoirí ar fud na cruinne. Is iad tionscnaimh mar seo a chabhraíonn leis an tairiscint fíoruathúil atá againn anseo a neartú agus Éire agus Baile Átha Cliath a choimeád chun tosaigh do chuairteoirí amach anseo ón mbaile agus ó thar lear.”

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil le: Tanya Lawless [email protected] nó glaoigh ar +353 (0)86 8878755