Oldtown Scene 2

An Seanbhaile

Tóg an saol go deas réidh i sráidbhaile ina bhfuil meascán den sean agus den nua

Discover More

53.523928278681, -6.3153992266704

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí An Seanbhaile

Is sráidbhaile gleoite tuaithe é An Seanbhaile ina bhfuil béim láidir ar thalmhaíocht.

Tá sé suite i ngleann éadomhain agus téann uisce an ghleanna sin isteach in abhainn bheag ar a dtugtar an abhainn 'Daws' go háitiúil.

Tá talamh feirme thart timpeall uirthi, agus is cuid thábhachtach de gheilleagar agus forbairt an cheantair é sin.

Tá an sráidbhaile lán le tithe cónaithe cloiche a théann siar go dtí tréimhsí difriúla, ó fhoirgneamh ón 19ú haois go dtí forbairtí nua a dearadh go cúramach chun teacht le chéile leis na seanfhoirgnimh.

 

Oldtown Scene

Stair agus seanchas luath-Chríostaí

Tá fothrach séipéil sa Seanbhaile agus deirtear gur leigheas ar sceadamán nimhneach é an tobar in aice leis.

Tá Cloch Phádraig go díreach taobh amuigh de gheata an tséipéil, a fuair a hainm ón scéal inar úsáid sé a bhos chun poll a chur sa chloch chun a asal a chur ar teaghrán.

Caith tamall ag siúl timpeall an fhothraigh, bain sult as atmaisféar na háite seo atá nasctha go dlúth le ham atá caite ach atá fós le feiceáil sa seanchas agus sa stair.

Molly Weston Memorial

Molly Weston, bean gan eagla

Tá roinnt leachtanna cuimhneacháin in onóir Éirí Amach 1798 na nÉireannach Aontaithe sa Seanbhaile.

Seans gurb é an ceann is spéisiúla an leacht cuimhneacháin in onóir Molly Weston, bean nach raibh eagla ar bith uirthi, a throid ar dhroim capaill taobh lena deartháireacha ag Cath na Teamhrach.

D'athchruinnigh Molly na reibiliúnaigh agus claíomh ina lámh aici, agus ghlac sí ról ceannaireachta chuici féin arís is arís eile in aghaidh fhórsaí na 'Reagh Fencibles'.

Maraíodh í le linn an chatha le taobh a deartháireacha.