Skerries Scene 1

Na Sceirí

An sráidbhaile iascaireachta atá bródúil as an ré atá caite agus atá ag tabhairt aghaidh go fonnmhar ar an todhchaí

Discover More

53.580614612852, -6.1069494344265

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Na Sceirí

Is baile beag iascaireachta cois cósta i bhFine Gall é Na Sceirí.

Tagann an t-ainm ón bhfocal Lochlainnis 'skere', a tháinig isteach sa Ghaeilge mar 'Na Sceirí', focal a chiallaíonn 'na carraigeacha'.

San am atá thart, ba chaladh gníomhach iascaireachta é Na Sceirí agus ina dhiaidh sin ba mhórionad bróidnéireachta láimhe é.

Le linn an 20ú haois, rinneadh baile saoire de Na Sceirí agus ba bhaile dórtúir do chomaitéirí Bhaile Átha Cliath é chomh maith.

Is cuid de shlabhra túr a tógadh go luath sa 19ú haois é an dá thúr Martello sna Sceirí ag Oileán na Sionnach agus an tOileán Rua.

Tógadh iad mar chosaint ar airm Napóilean na Fraince (i gcás ionraidh) agus mar chóras réamhrabhaidh i gcás ionsaithe.

Skerries Mills

Bain sult as an stair i Muilte na Sceirí

Tá ceann de na muilte is sine in Éirinn sna Sceirí.

Breathnaigh ar mhuileann gaoithe cúig sheol, muileann gaoithe ceithre sheol, muileann uisce agus bácús an 18ú haois le feiceáil conas mar a d'oibrigh siad go fíor le linn na tréimhse sin.

Meastar go bhfuil an muileann gaoithe is sine sna Sceirí ón 12ú haois ar aghaidh.

Ceaptar gur tógadh an muileann is mó sa 17ú haois.

Bhí drochbhail ar na muilte sin le blianta fada go dtí gur cheannaigh Comhairle Contae Fhine Gall iad agus rinne siad athchóiriú orthu.

Skerries Scene 2

Téigh ag spaisteoireacht le taobh Thrá Theas na Sceirí

Ós rud é gur baile cois farraige é Na Sceirí, tá roinnt siúlóidí iontacha cois farraige ann.

Is stráice trá 2.5 ciliméadar ar fad é an Trá Theas agus is féidir le duine ar bith sult a bhaint as siúlóid le taobh Mhuir na hÉireann sa tráthnóna.

Skerries Library 3
Visitor

Faigh tuilleadh eolais faoi Na Sceirí

Faigh amach níos mó faoi Na Sceirí.

Tá neart le déanamh agus le feiceáil sna Sceirí, áit ar bhuaigh duais náisiúnta i gComórtas na mBailte Slachtmhara in 2017.

Faigh amach níos mó ag visitskerries.ie.