Muilte na Sceirí

Skerries Mills

Bailiúchán sainiúil de dhá mhuilinn agus muileann uisce le lochán muilinn, rásaí muilinn, agus bogach isea Muilte na Sceirí agus is áit idéalach í le haghaidh turas lae.

I gcoimpléasc an Mhuilinn, tá an Watermill Café agus an Siopa Ceardaíochta chomh maith.

Ón 12ú hAois, tá plúr á mhuilleáil ag an suíomh uathúil seo. Tugann an coimpléasc atá go hiomlán athchóirithe beocht d’obair fhíreanta mhuilinn gaoithe le cúig seolta, muileann gaoithe le ceithre seolta, muileann uisce agus bácús ó na 1800í. Tugann sé seo samplaí don chuairteoir de chonas a d’úsáid ár sinsir fuinnimh ghaoithe agus uisce.

Tá turasanna treoraithe ar fáil go laethúil agus maireann siad tuairim is 50 nóiméad. Le linn do thurais, beidh treoraí i do theannta a thaispeáinfidh stair na muilleoireachta agus Muilte na Sceirí duit. Bain triail as plúr a mheilt le cloch, ansin féach ar an roth uisce i mbun gnímh ag casadh na bpunann, na gcroiteoirí, agus na séidirí, go léir laistigh den mhuileann. Tóg siúlóid trasna páirc a bhfuil barra ag fás ann agus téir suas laistigh den mhuileann gaoithe le ceithre seolta agus ansin ar aghaidh go dtí Muileann Mór na Sceirí le cúig seolta a sheasann amach go hard sa spéirlíne áitiúil.

Tá radharcanna den bhaile mór chomh maith leis na hoileáin amach ó Na Sceirí agus an t-imeallbhord chomh fada leis na Beanna Boirche. Níos déanaí – bain taitneamh as sóláistí ar do shuaimhneas sa Watermill Café, áit a bhímid ag bácáil gach lá agus ina bhfuil éagsúlacht fhairsing de bhianna te agus fuara at fáil nó féach timpeall ár siopa ceardaíochta a bhfuil duaiseanna bainte amach aige do chuimhneachán nó bronntanas speisialta. Tá ceirdeanna Éireannacha d’ardchaighdeán agus bronntanais ar díol againn.

Tá Muilte na Sceirí oscailte an bhliain ar fad seachas ón 24ú go 27ú Nollaig agus 31ú Nollaig go 1ú Eanáir san áireamh. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhairt cuairt ar shuíomh gréasáin na muilte Muilte na Sceirí.