Inrochtaineacht

Aithníonn agus luachálann Comhairle Contae Fhine Gall soláthar eolais ar an láithreán gréasáin seo i bhformáid atá inrochtana do gach duine, beag beann ar chumas nó ar mhíchumas.

Dearadh an láithreán seo chun modheolaíocht nascleanúna chomhsheasmhach a sholáthar ar fud an láithreáin agus déanann sé iarracht go leor spáis bháin a cheadú agus eispéireas glan agus nua-aimseartha a chur ar fáil don úsáideoir.

Dearadh an láithreán gréasáin seo chun leibhéil inrochtaineachta AA (WCAG WAI Leibhéal 2) a bhaint amach. Tá gá le hobair ar shuíomhanna coimhdeacha agus ar dhoiciméid PDF, áfach, sula dtiocfaidh sé seo i gcríoch.

Forbraítear an láithreán seo ag baint úsáide as XHTML bailí agus bileoga stíle cascáideacha (CSS) atá éasca le húsáid ag léitheoirí scáileáin agus a dhéanann an láithreán inrochtana do níos mó dár saoránaigh. Tá ábhar ár láithreáin scartha ó ghnéithe láithreoireachta, a chuireann ar fáil é do chuairteoirí ar bith a úsáideann teicneolaíochtaí ar nós léitheoir scáileáin nó brabhsálaí téacs amháin.

Tugann láithreáin ghréasáin inrochtana tosaíocht d’ábhar soiléir, do struchtúr agus d’éascaíocht nascleanúna thar ghnéithe amhairc an dearaidh, ach ní gá dóibh a bheith míthaitneamhach ó thaobh amhairc de, agus ní choisctear orthu na teicneolaíochtaí gréasáin is déanaí, ar choinníoll go bhfuil rochtain fós ag úsáideoirí ar gach eolas. 

D’fhéadfá a fháil amach go bhfuil an téacs rómhór nó róbheag dod’ riachtanais phearsanta ar an scáileán. Ag baint úsáide as na roghanna méid téacs, is féidir leat méid cló níos lú nó níos mó a fháil, agus cuirfear é seo i bhfeidhm ar gach leathanach a thugann tú cuairt air ar ár láithreán gréasáin. Tá rogha ann freisin leagan ardchonartha den láithreán a úsáid.

Is féidir leat socruithe do bhrabhsálaí a úsáid chun méid an téacs a athrú do na láithreáin ghréasáin go léir a thugann tú cuairt orthu.  

Oifigeach Rochtana

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d’inrochtaineacht ár seirbhísí poiblí a fheabhsú.

De réir alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005, tá Cathal Kearney, Gnóthaí Corparáideacha & Rialachas, ceaptha againn mar Oifigeach Rochtana Chomhairle Contae Fhine Gall.

Tá an tOifigeach Rochtana freagrach as timpeallacht atá cairdiúil don chustaiméir a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas a fhaigheann rochtain ar sheibhísí arna soláthar ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Tá nasc chuig léarscáil de spásanna do dhaoine faoi mhíchumas ar fud Fhine Gall ar fáil anseo.

Ligeann seirbhís téacs nua a fheidhmíonn Seirbhísí Páirceála Fhine Gall thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall do shaoránaigh mí-úsáid pháirceála i gcuasa páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a thuairisciú. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil anseo.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le:

Cathal Kearney,
Oifigeach Rochtana,
Seirbhísí Corparáideacha,
Comhairle Contae Fhine Gall,
Halla an Chontae,
An Phríomhshráid,
Sord,
Co. Átha Cliath

Déan teagmháil linn

Ar an nguthán: (01) 890 5000

Ar r-phost:  [email protected]