Folder_1CCS_Draiocht-0855.jpg

Ionaid Ealaíon

Discover More
Draiocht Arts Centre

Ionad Ealaíon Draíocht

Rinneadh trácht ar an easpa áiseanna cultúrtha i bpobal atá chomh mór le Baile Bhlainséir sa Tuarascáil ar na hEalaíona i mBaile Átha Cliath (1992). Dúradh sa tuarascáil go raibh "Baile Bhlainséir ar cheann de trí shuíomh a d'aithin an Chomhairle Ealaíon chun Ionad Ealaíon saintógtha a fhorbairt ann. Spreagadh an cinneadh chun an tIonad Ealaíon a lonnú i Lár an Bhaile a bhí beartaithe nuair a chuaigh na forbróirí i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon in 1984. Nuair a fuarthas cead pleanála in 1986, rinne Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath coinníoll go gcaithfear Ionad Ealaíon a thógáil mar chuid den chéad chéim de Lár an Bhaile".

Seamus-Ennis

Ionad Cultúir Shéamuis Ennis

Tá oidhreacht shaibhir ag Fine Gall ó thaobh ceol traidisiúnta de. Is fianaise air sin iad na gnásanna a bhí le feiceáil go dtí le déanaí, cosúil le patrúin bhliantúla, rincí tí, cleamaireacht, damhsa ardáin (Cnoc an Tobair), damhsa seit agus damhsaí crosbhóthair. Is é Séamus Ennis, nach maireann, an léiritheoir is mó agus is cáiliúla ó Fhine Gall. Ba phíobaire uilleann den chéad scoth, scéalaí, fonnadóir agus eachtraí é. Ba bhall den 'Fingal Trio' é a athair, a raibh clú orthu agus a sheinn ceol go rialta ar an raidió ag tús ré na craoltóireachta poiblí in Éirinn. Rinne Séamus an-chuid oibre don BBC le linn na 1950idí agus na 1960idí nuair a bhailigh sé ceol tíre agus béaloideas ar fud na hÉireann agus na Breataine Móire, agus chuir sé ceann de na cláir ba mhó a raibh éileamh air le linn na tréimhse sin i láthair, 'As I Roved Out'. Ní thuigtear go fóill méid iomlán na hoibre a rinne sé ar son amhránaíocht agus ceol Éireannach a athbheochan; is leor a rá nach ndearna aon duine eile an méid céanna oibre ar son Choimisiún Béaloidis Éireann, agus tá meas ar an obair as a cáilíocht agus a réim.