Ionad Ealaíon Draíocht

Draíocht

Is Ionad Ealaíon é Draíocht atá suite i gcroílár Bhaile Bhlainséir. Ón am ar osclaíodh é i 2001, tá Draíocht i gcroílár na muintire a bhfreastalaíonn sé uirthi i mBaile Átha Cliath 15 agus a phurláin chun cláir ealaíon spreagúla inrochtana a sholáthar.  Freastalaíonn os cionn 50,000 duine in aghaidh na bliana ar imeachtaí léiriúcháin lena n-áirítear meascán de shaothar gairmiúil, náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Tá Draíocht bródúil as a bheith ina ionad a thacaíonn le teaghlaigh, cuireann na baill foirne fáilte mhór rompu, tá siad idirghníomhach, an-phraiticiúil agus réidh le cuidiú nuair a bhíonn gá leis.  Tá clár leathan agus éagsúil gníomhaíochtaí ar siúl ag Draíocht do theaghlaigh agus do dhaoine óga, lena n-áirítear drámaíocht teaghlaigh, geamaireacht agus ceolchoirmeacha, ranganna damhsa & drámaíochta, tionscadail samhraidh, ár bhFéile Leanaí bliantúil agus ár Laethanta Ealaíne Saor in Aisce do Theaghlaigh a bhíonn ar siúl ar roinnt Satharn i rith na bliana.