Swords Main Street

Sord

Príomhbhaile bríomhar Fhine Gall

Discover More

53.4557467, -6.2197406

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Sord

Bhunaigh Colm Cille Sord mar lonnaíocht mhanachúil sa 6ú haois, agus ba ann a tugadh an tArdrí Brian Bóramha tar éis dó bás a fháil ag Cath Chluain Tarbh agus sular cuireadh é.

Tá stair fhada an bhaile le feiceáil inniu i gCaisleán Shoird, foirgneamh iontach i lár an bhaile a ndearnadh athchóiriú cúramach air agus a tógadh thart ar 1200.

Thugadh ardeaspaig, tiarnaí agus an uasalaicme cuairt ar an gcaisleán agus, mar sin, ba oiriúnach an áit é nuair a úsáideadh é mar láthair don tsraith theilifíse 'The Tudors' in 2010.

Swords Main Street

Maireachtáil i Sord

Ní hamháin gur áit iontach é Sord le cuairt a thabhairt air, is áit iontach le maireachtáil ann é chomh maith mar gheall ar scoileanna, clubanna, eagraíochtaí pobail agus áiseanna seanbhunaithe miondíola cosúil leis an Ionad Siopadóireachta Pavilions.

Tá sé cóngarach d'Aerfort Bhaile Átha Cliath agus tá an t-aerfort taobh thiar d'fhostaíocht, turasóireacht agus fás geilleagrach.

Tá todhchaí mhaith i ndán do Shord mar gheall ar an bplean iompair Metro Link, an fhorbairt bhreise a dhéanfar ar Aerfort Bhaile Átha Cliath agus daonra atá ag fás.

Lig do scíth agus tabhairt cuairt ar Pháirc Ghleann Abhainn an Bharda

Is páirc mhéith ar a bhfuil dea-bhail air é Páirc Ghleann Abhainn an Bharda, ar a dtugtar 'Jacko' go háitiúil, is maith le daoine sos a ghlacadh ón ruaille buaille ann.

Tá sruthanna, aibhneacha, spásanna glasa, clós súgartha, trealamh aclaíochta agus limistéar siúl le madra ann.

Ward River Valley Park Swords