Uasghrádú Bhóthar Ráth Béil, Sord, oscailte go hoifigiúil ag Méara Fhine Gall

Tá uasghrádú Bhóthar Ráth Béil i Sord oscailte go hoifigiúil ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien.

 

Tá trácht ábalta dul ar an mbóthar, ar cuid den bhealach R125 Sord go Cill Dhéagláin é, ón 20 Márta, ach ní rabhthas ábalta an oscailt oifigiúil a bhí pleanáilte a chur ar siúl go dtí seo mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. In áit na hoscailte oifigiúla, reáchtáladh searmanas simplí le cloch chomórtha a nochtadh.

 

Dúirt Méara O'Brien: "Mar Mhéara Fhine Gall, tá ríméad orm an Bóthar Ráth Béil nua i Sord a oscailt go hoifigiúil. Seo é an dara tionscadal a chuireamar i gcrích mar chuid den Chiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú (LIHAF). Dá bhrí sin, d'fhéadfadh forbairtí nua a dhéanamh i ngach cuid den cheantar ar an taobh thiar de Shord.  Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na comhaltaí tofa as ceantar Shoird, a bhí ann agus atá ann anois, a thacaigh leis an tionscadal tábhachtach seo agus a d'oibrigh le foireann na Comhairle chun an tionscadal a chur i gcrích. Cuirfidh an bóthar go mór le ceantar Shoird agus le mórcheantar Fhine Gall ó thaobh an bhonneagair de."

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Tá ríméad an domhain orm go bhfuil uasghrádú Bhóthar Ráth Béil críochnaithe. Chuir an bóthar seo bonneagar siúil agus rothaíochta ar fáil do thithe nua sa Seanbhaile agus i mBaile na Móna. Bóthar cúng gan áiseanna do choisithe ná rothaithe a bhí sa bhóthar roimhe seo. Mar sin, tá an ceantar i bhfad níos sábháilte do dhaoine atá amuigh ag siúl nó ar a rothair mar gheall ar an uasghrádú.  Ba é aidhm an uasghrádaithe na cónaitheoirí nua sin a cheangal le Sord agus leis na scoileanna áitiúla sa cheantar. Tá meánscoil nua á tógáil ar thalamh Bhaile na Móna freisin a rachaidh chun tairbhe iarthar Shoird."

 

Dúirt Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall, Matthew McAleese: "Tá an t-uasghrádú bóthair seo ina chuid den fhorbairt chéimnithe de Phlean Ceantair Áitiúil an tSeanbhaile-Bhaile na Móna. Bhí sé ar cheann de na pleananna chun ullmhúchán a dhéanamh do na céimeanna forbartha ina dhiaidh sin den scéim fhoriomlán. Ar deireadh thiar thall, soláthróidh an scéim sin aonaid chónaithe nua in iarthar Shoird. Is é uaillmhian fhoriomlán na Comhairle go bhfásfaidh daonra Shoird ón daonra 40,000 atá ann faoi láthair go dtí 60,000 agus, ina dhiaidh sin, go 100,000, agus go bhfaighidh Sord stádas cathrach ansin agus an bonneagar ar fad a théann leis sin."

The Mayor of Fingal, Cllr Eoghan O’Brien (left), is pictured with Fingal County Council’s Chief Executive AnnMarie Farrelly, Senior Engineer Paul Carroll and Director of Planning and Strategic Infrastructure, Matthew McAleese (right) at the official opening of the Rathbeale Road Upgrade.

Mar chuid den uasghrádú ar an R125 Sord go Cill Dhéagláin, rinne thart ar chiliméadar amháin den bhóthar réigiúnach tuaithe ag Ráth Béil a uasghrádú agus leagan amach níos uirbí a chur ann ag a bhfuil raonta rothar agus cosáin ar an dá thaobh. Ritheann an stráice ar a ndearnadh uasghrádú ón acomhal le Bóthar Murrough go dtí an t-acomhal le Bóthar Dáileacháin Iarthar Shoird ag Iostáin Ráth Béil.

 

Ba é Johns Civil Engineering, in éineacht le Waterman Moylan Consulting Engineers, an conraitheoir don tionscadal. Rinne an fhoireann tionscadail i gComhairle Contae Fhine Gall bainistíocht tionscadail don scéim fhoriomlán.

 

Dúirt Paul Carroll, Innealtóir Sinsearach le Comhairle Contae Fhine Gall: "Mar chuid den scéim, rinne an bóthar a atógáil agus a athailíniú ag áiteanna áirithe agus tógadh áiseanna rothaíochta scartha nua feadh an bhóthair. Tógadh acomhail nua chun éascaíocht a dhéanamh ar fhorbairt chónaithe sa cheantar amach anseo, chomh maith le trasrianta nua do choisithe. Cuireadh isteach lintéar nua don sruthán, leathbhealach síos an suíomh, le dul in áit seanáirse chloiche a bhí ag titim i léig."

 

Ba é €6m an costas a bhí ar an tionscadal. Fuarthas €4.9m ón gCiste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú faoin gclár Atógáil Éireann agus chuir Comhairle Contae Fhine Gall an t-iarmhéid ar fáil. Déanfaidh an t-uasghrádú éascaíocht ar 800 teach ar dtús agus 3,200 ar deireadh.

 

Is féidir físeán d'oscailt oifigiúil uasghrádú Bhóthar Ráth Béil a fheiceáil ag https://www.youtube.com/watch?v=m_g17BwM5ZU.