abstract-antique-architecture-168442

An Óige agus Oideachas

Discover More
The Early Years 0-5

Luathbhlianta (0-5)

Tá Oifig Ealaíon Fhine Gall ag iarraidh teacht chun cinn ealaíona na luath-óige a spreagadh trí dheiseanna agus tacaíochtaí a chruthú d'ealaíontóirí atá ag obair laistigh den réimse cleachtais seo. Tá deiseanna forbartha gairmiúla do theagascóirí mar chuid lárnach den méid a chuireann an chomhairle ar fáil. Is féidir leat léamh faoi roinnt samplaí tábhachtacha de thionscadail agus de chomhpháirtíochtaí ealaíon don luath-óige sa chuid seo.

Children 6-12

Leanaí (6-12)

Cruthaíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall naisc idir bunscoileanna agus ealaíontóirí a bhfuil cleachtas láidir forbartha acu in earnáil na n-ealaíon san oideachas. Cuireann gach clár creat ar fáil ina dtagann tionscadail agus comhpháirtíochtaí saincheaptha chun cinn atá freagrúil do na riachtanais agus do na leasanna atá ag ceantair áitiúla ar leith. Is féidir leat léamh faoi phríomhchláir oibre sa chuid seo:

Young People 13-18

Daoine Óga (13-18)

Oibríonn Oifig Ealaíon Fhine Gall i gcomhar le healaíontóirí agus le cuideachtaí ealaíonta chun deiseanna a chruthú do dhaoine óga le dul i ngleic le cleachtais ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta agus chun fáil amach fúthusan. Cuirtear béim sna tionscadail ar fhorbairt scileanna cruthaitheacha ar mhaithe le fiosrú a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann leis an saol sa lá atá inniu ann. Ag croílár na hoibre seo, ba mhaith linn ardán a chur ar fáil do dhaoine óga chun ionadaíocht a thabhairt dóibh.

Professional Development

Forbairt Ghairmiúil

Cuireann Oifig Ealaíon Fhine Gall deiseanna ar fáil do theagascóirí chun ceardlanna a thionól in éineacht le healaíontóirí gairmiúla agus dúshlán a thabhairt in aghaidh na bealaí traidisiúnta atá ann chun an ealaín a dhéanamh sa seomra ranga, agus chun machnamh a dhéanamh ar an ealaín sa seomra ranga. Leis na tionscadail, soláthraítear raon breá fairsing de smaointe agus den inspioráid ar féidir iad a úsáid le daltaí de chuile aois sa seomra ranga trí iniúchadh a dhéanamh ar na cleachtais ealaíne atá ag ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon sa lá atá inniu ann, trí thástáil a dhéanamh ar ábhair ealaíne éagsúla, agus ar cad chuige is féidir iad siúd a úsáid, agus trí chuairt a thabhairt ar institiúidí cultúrtha, idir institiúidí áitiúla agus náisiúnta.

Educational resources

Acmhainní Oideachais

music generation

Glúin an Cheoil

Fáiltíonn Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall roimh an deis ar cuireadh i láthair sa scéim Muisc Generation [an scéim um an nGiniúint Cheoil]. Mar chéim dhearfach chun tacú le forbairt na n-ealaíon i bhFine Gall, rinneamar Sounding Out Fingal [Ag Fuaimniú Amach, Fine Gall] a choimisiúnú - tuarascáil ar an gceol a chuirtear ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga sa chontae in 2011. Bhí sé mar aidhm ag an fheachtas sin bealaí a aithint ina bhféadfadh an Chomhairle dul chun cinn a bhaint amach i gcomhar le daoine eile chun Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil a fhorbairt d'fhonn iarratas a dhéanamh ar an scéim Music Generation.