Young People 13-18

Daoine Óga (13-18)

Everything is in Everything

Everything Is in Everything (2017)

Cuireadh tús le Everything is in Everything in 2016 nuair a chuaigh Oifig Ealaíona Fhine Gall agus Superprojects i bpáirt le chéile chun coimisiún comhoibríoch a thosú idir na healaíontóirí Clodagh Emoe agus Jenny Brady agus daltaí ó Phobalscoil Bhaile an Hartaigh. Cuireadh tús leis an tionscadal, i ndáiríre, nuair a eagraíodh plé agus ceardlanna sa scoil in 2017. Thug na daltaí cuairt ar thaispeántais ag IMMA, chuir siad fáilte roimh an scríbhneoir Sue Rainsford a labhair leo maidir le scéalta a chruthú i saothar ealaíne. Ba é toradh ealaíonta an tionscadail seo saothar ealaíne dúisitheach le híomhá ghluaisteach dar teideal 'The Butterfly Effect' ina ndéantar scrúdú ar chúisíocht agus aiféala i saol an lae inniu.

 

Waves, connecting young people, art and the political

Waves, Daoine Óga a Nascadh le hEalaín agus Cúrsaí Polaitíochta (2016)

Mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain Fhine Gall 2016, d'oibrigh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Léiritheoir Fhine Gall Cleo Fagan a bhunaigh Superprojects*, chun tionscnamh uathúil ealaíon in oideachas a chur ar fáil do dhá iarbhunscoil i bhFine Gall. Rinneadh fiosrú sa tionscadal ar an iliomad bríonna agus comhthéacsanna a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca 1916 agus an comóradh in 2016. Breathnaigh ar an scannán faisnéise Waves agus faigh níos mó amach faoin tionscadal. (Íomhá: Ruth Lyons, Pilot Light, 2015) 

Place Shapers

Place Shapers (2013)

D'oibrigh daoine óga i bhFine Gall i bpáirt le hailtirí agus déantóir scannáin chun scrúdú a dhéanamh ar ailtireacht agus dearadh uirbeach a gcomharsanachtaí féin. D'oibrigh dalta idirbhliana ó Choláiste Pobail Bhaile Lotrail i mBaile Átha Cliath 15 agus Coláiste Pobail na Sceirí leis na hailtirí Robert Bourke, Maria Tarsouli, Kate Dowling agus Myrto Dowling, chomh maith leis an déantóir scannáin Peter Kelly. Le tacaíocht ón bhfoireann chruthaitheachta sin, fuair na daltaí tuiscint dhomhain ar ailtireacht, dearadh uirbeach agus scannánaíocht, rud a chuir ar a gcumas breithmheas criticiúil a thabhairt ar a dtimpeallacht thógtha agus nádúrtha.

Youth Film Club

Club Scannán don Óige

Chuireamar an deis ar fáil do dhaoine óga i bhFine Gall Club Scannán a bhunú!