Waves, Daoine Óga a Nascadh le hEalaín agus Cúrsaí Polaitíochta

Waves, connecting young people, art and the political

Mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain Fhine Gall 2016, d'oibrigh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Léiritheoir Fhine Gall Cleo Fagan a bhunaigh Superprojects*, chun tionscnamh uathúil ealaíon in oideachas, dar teideal 'Waves', a chur ar fáil do dhá iarbhunscoil i bhFine Gall. Rinneadh fiosrú sa tionscadal ar an iliomad bríonna agus comhthéacsanna a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca    agus an comóradh in 1916Nascann an tionscadal stair agus nithe laethúla, agus spreagann sé feasacht ar an tionchar a bhíonn ag daoine, grúpaí agus ár dtimpeallacht saolta ar athruithe sóisialta agus polaitiúla, sa lá atá inniu ann agus san am atá thart.

D'fhostaigh Fagan ceithre ealaíontóir nua-aimseartha Éireannacha ansin, Clodagh Emoe, Sean Lynch, Ruth Lyons agus Eoghan Ryan, chun plé a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca trí mheán sraith ceardlanna cruthaitheacha agus imscrúdaitheacha le daltaí idirbhliana i bhFine Gall.

Rinne na daltaí scrúdú ar na téamaí a ardaíodh ag an gcomóradh 1916 i gceardlanna a ndearnadh éascaíocht orthu, lenar airíodh: 'agóid' sna healaíona, 'coinsias comhchoiteann' sa tsochaí, 'comóradh' sna healaíona, 'an forógra i ngluaiseachtaí ealaíne', agus 'tionchar polaitiúil'. D'oibrigh gach scoil le dhá ealaíontóir.

Bhain comhoibriú an ealaíntóra Jenny Brady le taifead físiúil a dhéanamh ar an tionscadal.  Ghlac an cuideachta dearaidh Distinctive Repetition páirt chun póstaer grafach a chruthú ar a bhfuil píosa téacs coimisiúnaithe a scríobh an scríbhneoir Sue Rainsford. Bhí léiriú poiblí an scannáin agus léitheoireacht le Sue Rainsford ar siúl i nDraíocht ar 12 Bealtaine chun an iliomad gnéithe den tionscadal a roinnt le lucht spéise leathan agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an sárobair a rinneadh.   

Tá an-áthas orainn an scannán faisnéise Waves a roinnt anseo: http://vimeo.com/167734613 chomh maith le spléachadh ar léamh Sue Rainsford ag ár n-imeacht ceiliúrtha agus léiriú scannáin ag Draíocht ar 12/05/16 https://vimeo.com/168612557 

Tá alt scríofa maidir le gach ceardlann thíos ó www.superprojects.org 

http://www.superprojects.org/blog/2016/3/4/time-travel-with-ruth-lyons

http://www.superprojects.org/blog/2016/3/1/people-power-in-hartstown-community-school

http://www.superprojects.org/blog/2016/5/13/how-art-behaves-with-sean-lynch

http://www.superprojects.org/blog/2016/5/9/making-flags-and-making-meanings-with-eoghan-ryan

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil:

Julie Clarke, Oifigeach Ealaíon Oideachais agus Óige, //[email protected] /"> [email protected]

Cleo Fagan, Léiritheoir,  //[email protected] /"> [email protected]   www.superprojects.org

* Is tionscnamh é Superprojects do dhaoine óga a ghineann deiseanna do theagmháil chruthaitheach le healaín agus ealaíontóirí comhaimseartha. Bhunaigh Cleo Fagan é.  www.superprojects.org  

Íomha 1: Ealaíontóir Rannpháirteach, Ruth Lyons, 'Pilot Light', 2015, solas aoil, aolchloch, alúmanam, cruach dhosmálta; Féile Ealaíon Dhroichead Átha. Sonraí an ghrianghrafadóra - Jenny Matthews

Íomhá 2: Ealaíontóir Rannpháirteach, Clodagh Emoe, 'An Exercise in Seeing', 2014

Íomhá 3, 4, 5: 'People Power', ceardlann le Clodagh Emoe agus Coláiste Pobail Bhaile an Hartaigh

Íomhá 6, 7, 8: 'The Material World' le Ruth Lyons agus Coláiste Pobail Fhine Gall

1. Agallamh le léiritheoir an tionscadail, Cleo Fagan ó Superprojects

2. Beathaisnéisí Ealaíontóirí

3. Cuireadh chuig Léiriú an Scannáin Waves & Imeacht Léitheoireachta